Bhuel, tá
an t-uaireadóir cliste, Pebble, ar an mbealach, agus táim den bharúil gurb é sin an
ceannródaí faisin a bheidh romhainn i mbliana, a léitheoirí, ó thaobh na
teicneolaíochta de, pé scéal é. Dar leo, ar leathanach sin an siliconrepublic,
‘The
clever timepiece connects to Android smartphones and iPhones via Bluetooth and
then alerts the wearer of incoming calls, texts or emails with a silent vibration.
There’s also a range of different clock faces and customisable apps available,
so users can programme their Pebbles to do what they want, such as tell the
time, track their running or cycling, or control music playing on their
smartphones.’
Beidh
éileamh ann don uaireadóir, is cosúil, mar léigh mé ar theguardian go bhfuil
85,000 réamhoird déanta cheana; $150, nó mar sin, an praghas a bheidh ar an uaireadóir, deirtear.
Táim féin
den bharúil, freisin, go mbeidh rath agus bláth ar an bhfónfillteach, go
háirithe dóibh siúd, ahem, óna dtiteann a ndiabhal fón cliste ar an urlár crua
go rialta. Beidh sé ‘bendable and unbreakable’ más fíor, agus beidh sé le fáil
ó Samsung mar chuid dá Youm Technology.
Thuigfinn
go mbeadh dúil ag daoine sa ghléas The Leap Motion Controller ó Leap Motion, gléas a ‘lets you
control your computer by waggling your fingers in the air,’ ach ní bheinn
róchinnte faoin HAPIfork, gléas ‘which chastises you to eat slower’ dar leo in theguardian - thosódh an forc ag crith dá mba rud é go raibh tú ag ithe rósciobtha, a léitheoir.
É sin
ráite, dá mbeadh pláta le fáil, amach anseo, a chomhródh na calraí, de réir mar
a leagtar bia ar an bpláta, abair, agus a thosódh ag creathadh le heagla agus ag
béiceadh ‘Iomarcach! Iomarcach!’ nuair a bheadh barraíocht calraí curtha ar an
bpláta sin, cheapfainn go gceannóinn féin ceann acu. Gan dabht ar bith.
No comments:
Post a Comment