Wednesday, April 6, 2022

Litreacha

Cheannaigh mé bloc scríbhneoireachta an lá cheana, ceap páipéir A5, ina bhfuil ochtó leathanach línithe; Ruled Writing Pad atá scríofa ar an gclúdach.

Ní raibh bloc scríbhneoireachta sa teach seo le fada, cé go mbínn ag baint úsáide as a leithéidí go rialta, blianta ó shin, sular thosaigh fás rábach na teicneolaíochta. Lena theacht sin, fágadh peannaireacht in áit na leathphingine agus tháinig méarchláir agus ríomhphoist chun cinn. Bhí peann agus pár caite go leataobh.

Ní d’aon turas a stop mé ag scríobh litreacha. De réir mar a bhí na blianta ag dul thart, fuair formhór na ndaoine ar m’aithne ríomhaire nó fón póca, agus seachas litreacha a scríobh, thosaigh siad ag téacsáil nó ag seoladh ríomhphost chugam. Fuair siad freagra uaimse ar an gcaoi chéanna. Bhí ré na peannaireachta thart. Bhí an méarchlár níos sciobtha; níos mire ar go leor bealaí, ach sin scéal eile!

Le scéal gearr a dhéanamh níos faide, rith sé liom ag tús na seachtaine seo go bhfuil daoine fós ann nach mbaineann, nó nach mbainfeadh, úsáid as ríomhairí le ríomhphost a sheoladh; daoine nach mbainfeadh úsáid as fón póca, b’fhéidir, ach amháin le labhairt le duine éigin. An bhfaigheann a leithéidí sin litreacha scríofa níos mó? Thug an smaoineamh sin siar mé ar bhóithrín na smaointe.     

Fadó, fadó, fadó, nuair a bhog mé go Dún na nGall as Conamara, am nach raibh iomrá ar ríomhaire ná ar fhón póca, bhínn ag súil le litreacha rialta a fháil ó mo mhuintir thiar sa mbaile. Bhí mé uaigneach. D’airigh mé uaim iad, go mór. Bhíodh m’athair iontach ag scríobh litreacha, agus scríobh sé chugam, go minic. Bhíodh a chuid litreacha lán le brí, craic agus scéalta; scéalta faoin saol thiar sa mbaile, agus níos déanaí arís, nuair a bhog sé fhéin agus mo mháthair go Meiriceá, scéalta faoin saol thall. Choinnigh mé na litreacha sin. Scríobhadh iad, ina chuid peannaireachta, le grá.

Faraor, níl aon litir faighte agam uaidh, le fada an lá. Fuair sé bás, fiú sula raibh deis ag mo pháistí fhéin aithne a chur air. Nuair a léim na litreacha sin anois, tugann siad sólás dhom. Leagaim mo lámh ar an litir, ar na focla a scríobh seisean lena lámh fhéin. Ag an nóiméad sin, bíonn ceangal agam le m’athair, ceangal nach féidir a fháil ó théacs ná ó ríomhphost.

Tá an bloc scríbhneoireachta ceannaithe. Tá litreacha le scríobh. Tá ceangail de mo chuid fhéin le cruthú agamsa.

*****************

Foilsíodh an scéal seo sa Donegal News an mhí seo caite, san fhorlíonadh Súil Thart. Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh. 

No comments: