Dán beag daoibh, ar maidin, a léitheoirí. Bainigí sult as an bhféile!
Mo Ghrá,
is tú mo dhán,
an lán i mo stad,
an tsábháil i mo shlad,
an cara i mo chúirt,
an sólás i mo bhuairt,
an dian i mo chúram,
an lia i mo thuairim,
an laghad i mo lucht,
an saibhreas i mo bhocht,
an preabadh i m'ucht,
an maisiúchán ar mo nocht,
sin tusa, mo ghrá.
Blagmhíreanna eile faoin bhféile le léamh anseo.
An dán ón leabhar Mise Áine; An Bhean Istigh (Cló Iar Chonnacht (2017)).
No comments:
Post a Comment