'Staid intinne is ea an tseanaois. Staid intinne is ea an
óige. An rud is tábhachtaí ná a bheith dílis do do chuid prionsabal féin,
do shaol a chaitheamh de réir na gcaighdeán agus an tslat tomhais a leagann tú
síos duit féin.'
Léigh mé an méid sin thuas, focail a tháinig ón scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc, ar tuairisc.ie, le déanaí. Sin iad na focail a rith liom, ar maidin, ar Lá na Máithreacha, agus mé ag cogaint círe an lae, le mo lón machnaimh.
Fadó, os cionn caoga bliain ó shin, rith smaoineamh liom i séipéal, agus níor athraigh mé m'intinn ar an ábhar, ó shin. Creidim i nithe atá 'ceart' agus 'cóir,' agus creidim i gcomhionannas.
Cuireann sé iontas orm, mar shampla, nuair a scaoileann mná, go traidisiúnta, lena sloinnte, ach glacaim leis go bhfuil an ceart sin acu, fiú má shamhlaím féin nach gcuidíonn sé le cearta na mban. Sin mise.
Ar ndóigh, b'fhéidir gur hipí atá ionam, ach níor athraigh mo 'chuid prionsabal' mórán ó bhí mé sé bliana d'aois, agus ní dóigh liom go n-athróidh siad anois.
Seasaim go glórach ciúin ar mo chlaí fhéin, an dtuigeann sibh. Trasna an bhóthair uaim tá claí eile, agus tá daoine ina seasamh ar an gclaí sin, mar nach maith leo an claí ar a bhfuilimse i mo sheasamh. Tá an ceart sin acu. Níl dochar san éagsúlacht, an fhad is nach gcaitear clocha, ná urchair; fhad is nach ngonntar le beart ná le briathar.
Teastaíonn droichid, ní drochíde. Sin mo phrionsabal.
Bainigí sult as Lá na Máithreacha, a léitheoirí.
No comments:
Post a Comment