Friday, May 13, 2011

Ag Damhsa le Jedward

Abraigí, agus ceapaigí, bhur rogha rud fúthu, a léitheoirí, ach beidh mise ag damhsa le Jedward anocht, ag tabhairt mo thacaíochta dóibh, fiú más i mo sheomra suite féin a bheas mé á dhéanamh.

Is maith liom na leaideanna óga seo. Is cuma liom faoina gcumas amhránaíochta, mar go bhfuil a fhios agam go ndéanfaidh siad a ndícheall ar ár son sa chomórtas anocht.

Is maith liom a spiorad, agus is maith liom a mbéasa. Is maith liom go dtugann siad dóchas do go leor daoine, idir óg agus aosta, agus níl dochar ar bith ansin, na laethanta duairce seo.

Mura dtuigeann sibh é sin, a léitheoirí, ní thuigfidh sibh fáth mo dhamhsa.

Go n-éirí libh anocht, a Jedward!

♫♪♫♪♫♪ Got my lipstick on… ♫♫♫♪♪

1 comment:

Concubhar said...

Ní miste liom Jedward - they can't sing, they look awful but they'll go a long way, mar a deirtear - ach cuireann sé as dom gur cumadóirí amhráin ón Danmhairg a chum an amhrán dhúinn. Níl faic Éireannach faoi ach go bhfuil sé folamh gan anam, iarsma an tiogair cheiltigh mas maith leat. Ba cheart riail a chur i bhfeidhm go mbeadh an chéad amhrán eile a dhéanfaidh ionadaíocht ar son na hÉireann i nGaeilge.....