Tá ár n-ócáid bhliantúil, An Chúirt Filíochta, ag dul ar ais go dtí An Ríocht i mbliana, agus is ann a bheas muid, ag Oireachtas na Samhna ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair, thuas staighre, Leibhéal 1, Seomra Comhdhála, in Óstán an Gleneagle i gCill Airne, ag 1.30in. Tá mé fhéin, Bríd agus an Sirriam gníomhach, Proinsias Mac a'Bhaird ag súil GO MÓR le bhur gcomhluadar, arís, i mbliana.
Tá aiféala orm faoin mhoill leis an mBarántas (thíos), ach bhí Proinsias bocht ar an tear gníomhach. Cibé scéal é, ná bígí buartha, a léitheoirí, mar bhí mé fhéin agus Bríd ag obair go dian ar bhur son. D'éirigh linn seoladh a aimsiú ar chúl phróca caife Columbian, agus tá iarratas seolta againn chucu; tá muid ag súil go mbeidh an cócaon againn in am don chúirt. Tá an caviar fós le ordú, ach b'fhéidir go mbeadh Donegal Catch in ann cuidiú liom. Seans go bhfuil seoladh teagmhála áit éigin ar chúl an phacáiste sa freezer.
Tá an Cognac fágtha faoi chúram Phroinsias. Eisean atá i gceannas, freisin, ar an ngloine uisce beatha, an chrág duilisce nó an pins snaoisín a bheas ar fáil, ag an gCúirt, do gach file a dhéanfaidh dán a aithris.
Maidir leis na dánta, ní gá cloí leis an téama atá luaite sa bharántas, agus is féidir leat dán nár scríobh tú fhéin a aithris, más mian leat, ach iarrtar ort, a scríbhneoir, gan ach dán amháin (nó dhá dhán ghairide) a aithris agus, mura miste leat, cóip den dán/de na dánta sin a sheoladh chuig Proinsias (pmacabhaird ag gmail ponc com) cúpla lá roimh an ócáid, le go mbeidh deis aige iad a réiteach don scáileán mór. Má bhíonn na dánta aige, roimh ré, is féidir le Proinsias an Cognac a ól a chuid obair theicniúil a dhéanamh le go mbeidh deis ag an lucht éisteachta an dán a léamh, chomh maith le hé a chloisteáil agus an dán i mbun aithrise.
B'aoibhinn linn filí úra a chloisteáil ag an gCúirt Filíochta, mar sin bheimis buíoch díbh, a léitheoirí, ach an scéal seo a scaipeadh ar bhur lucht aitheantais, idir óg agus chomh-hóg-linne; ba mhaith linn go mbeadh a fhios ag daoine go gcuirtear fáilte roimh chuile dhuine ag an gCúirt Filíochta, bíodh siad aitheanta mar fhile nó ná bíodh. Agus, ar ndóigh, is maith ann lucht éisteachta! Beidh deis againn uilig bualadh le chéile, i ndiaidh na Cúirte, mar beidh greim le hithe agus gloine fíona ar fáil, nuair a bheas na dánta uilig cloiste againn.
Ár mbuíochas ó chroí le Clár na Leabhar Gaeilge as a gcuid urraíochta!
Seo chugaibh an Barántas, a chairde, agus mholfainn daoibh Deasghnátha na Cúirte a léamh go cúramach mar cloítear, ahem, go docht daingean leo.
***************************
Barántas
Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!
Whereas, tá gaoth an easaontais ag séideadh fríd Leath
Chuinn agus siúlóirí buí ag iarraidh an bonn a bhaint de shuaimhneas
Bhóthar Gharbhachaidh athuair. San Oileán Úr, tá pilibín na moinge buí ag
caoineadh duais nár bronnadh agus ag santú ola an tsaoil. Sa Domhan
Thoir, tá Sliocht Íosác ag cur Clann Ishmael de dhroim an domhain mar a
bheadh diabhail bhuí ann.
Buí it known, leanann an t-anás an chogaíocht, leanann
mearbhall bréaga agus leanann aineolas agus éiginnteacht a chéile, ach
fós féin leanaimid lagcheannairí na smaointe seanchaite.
Whereas, bhí meas ariamh ag Clann Mhíle ar fhocail a chuid
filí agus ghlac sé go fonnmhar le comhairle na héigse, cad iad na rannta
a chumfaidh a chuid bard inniu chun iad a threorú i dtreo na síochána
agus an tsuaimhnis intinne in aimsir seo na héiginnteachta agus an
amhrais.
Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an 31ú lá de mhí Dheireadh Fómhair i gCill Airne ag 1.30 pm, maidir le réiteach aighnis, sárú an aineolais agus ceannaireacht chiallmhar. Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an dara lá dhéag de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Sé.
PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
Sirriam (mall)ghníomhach
God Save The King!
*****************************
Deasghnátha na Cúirte
Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dán amháin mar fhianaise,
ach bíodh an dara ceann réidh aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht
shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.
Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don
fhinné dán dá chuid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa
tseomra cheart ar an lá cheart.
Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a
bheidh fianaise tugtha aige. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné
i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear lucht an uabhair ar bhealach
nuálach turgnamhach].
Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa
chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte.
Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a
bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar Galfchúrsa an Dúin Bhig, biachlár
Óstán an Brehon ná Duolingo ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.
Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín
ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar
agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.
Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí
roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna
teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Cant, agus
Gaolainn Chontae an Chláir.
Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach
ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a
bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].
Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna
bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid
seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.
Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte agus
beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a
cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus
ní fhéachfar air sin mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith
cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread
asail de láthair na Cúirte.
Tá cead ag finné a chuid fianaise a chanadh, ach ní mór glór
ceolmhar binn a bheith aige. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip
Hop.
Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.