Saturday, April 1, 2023

Irisleabhar Nua

Tá iris nua ag teacht ar an bhfód, an mhí seo. Mise bunaitheoir agus eagarthóir na hirise, I nDáiríre, agus beidh mé ag súil go mór le bhur gcuid tacaíochta, a léitheoirí; níl oiread is pingin rua faighte agam ó aon fhoras ná ó aon eagras eile a thacaíonn, go hiondúil, le cur chun cinn na Gaeilge, fiú más lagiarracht fhéin a bhíonn i gceist.

Gaeilge príomhtheanga na hirise, ar ndóigh, cé go nglacfar le hanagraim Bhéarla fad is go gcuirtear leagan Gaeilge den anagram ag bun an leathanaigh. Ní dhéanfar cinsireacht ar aon ábhar, mar a tharlaíonn ar chuid de na meáin shóisialta, ach ní cheadófar aon ábhar a thaispeánann aon chlaontacht ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, fiú más tuairisc thomhaiste atá ann, ar fhaitíos na bhfaitíos.

Beidh mionscrúdú á dhéanamh agam ar aon ábhar a bhaineann le fíricí an tsaoil, cé go nglacfar le hailt le cuma na comhcheilge orthu, FAD IS go bhfuil nasc idirlín ar fáil a dhearbhaíonn fírinne na comhcheilge. Caithfear a bheith féaráilte, an dtuigeann sibh, agus súil ghéar a choinneáil ar an scríbhneoir a bhíonn ag iarraidh an dallamullóg a chur ar léitheoir.

Mar is eol daoibh, tá cancráin agus gearánaithe ar fud na háite, agus níl mise ag iarraidh droch-chlú a tharraingt sa mullach ar mo dhea-cháil. Táthar ann nach n-aithníonn an difear. Caithfear a bheith cúramach, na laethanta seo, agus beidh orm tuairimí láidre scríbhneoirí a mheas, roimh ré, sula ndéanfaidh mé cinneadh maidir le hábhair bhliantúil na hirise. Ní bheinn ag iarraidh lucht tacaíochta aon uachtarán (iar nó ann), a chur ó dhoras, mar shampla, mar teastaíonn síntiúsóirí uaim, go géar.

Ar an ábhar sin, a chairde, más mian libh tacú liom, bheinn thar a bheith buíoch as bhur gcúnamh, le bhur dtoil. Is féidir liom síntiús a ghlacadh uaibh agus, mura miste libh, b’fhearr liom airgead tirim a fháil, seachas mo chuid sonraí bainc á fhágáil anseo ar an idirlíon. Más mian leat cuidiú liom (teastaíonn cuidiú uaim, go géar), seol ríomhphost chugam ag miseaine@amadánaibreáin.ie agus déanfaidh mé chuile iarracht an cuidiú sin a fháil.

No comments: