Bhí mé i gcomhrá le cailín óg, ceithre bliana déag d’aois,
le gairid. Bhí tuairimí láidre stuama ag an gcailín céanna ar go leor ábhar,
agus ba léir dom gur duine í a raibh fios a graithe aici agus, freisin, go
raibh a fhios aici cá raibh a triall. Labhair muid faoina hábhair scoile, faoi
spórt, faoina cairde agus faoi chairdeas, faoi dhrugaí, faoi alcól, agus faoina
haidhmeanna. Nuair a dúirt mé léi go raibh an saol níos féaráilte ar mhná na
linne seo ná mar a bhíodh fadó, baineadh siar aisti. Why? a d’fhiafraigh
sí.
D’inis mé di faoi na constaicí a bhí romhamsa agus roimh mo mháthair, ar phósadh dúinn, agus faoin gcaoi ar caitheadh le mná le blianta fada: an mhíchothromaíocht agus éagothroime a mhair maidir le vótáil, pá, íocaíochtaí leasa shóisialaigh srl. D’inis mé di faoin gcaoi ar caitheadh le mná sna Magdalene Laundries, sna tithe tábhairne, sa mbaile; gan cead ag mná seo nó siúd a dhéanamh, tús áite i gcónaí ag na fir agus cumhacht dá réir. Tá cearta ag mná anois nach raibh acu fadó, a dúirt mé léi. Ní raibh a fhios aici tada faoin sean-am sin. Chuala mé an focal Really! uaithi, go minic.
Nuair a bhí mise ag fás aníos, labhraíodh mo thuismitheoirí agus mo Mhamó liom faoin saol mar a bhíodh sé acusan. Thuig mé cé dár díobh mo dhream agus d’fhoghlaim mé faoin saol crua a bhíodh ag mná, ach go háirithe. Thuig mé, luath go leor i mo shaol, go raibh mná in áit na leathphingine, gan cearta acu mar ba chóir; iad coinnithe faoi chois ag rialtas agus ag eaglais. Ar ndóigh, tá go leor dul chun cinn déanta, ach tá go leor fós le déanamh; ní do mhná amháin, ach sin scéal eile.
Na tuismitheoirí óga atá ag cailíní agus buachaillí óga an lae inniu, tá seans ann nach bhfuil siadsan ar an eolas faoin gcaoi ar caitheadh le mná na nglún romhaibh, murar fhoghlaim siad faoi óna sinsir nó ar scoil. Tá fiú chuile sheans ann nach dtuigeann siad an croitheadh a baineadh as an gcóras nuair a toghadh an chéad bhean riamh, Mary Robinson, ina hUachtarán ar an tír seo, 33 bliain ó shin.
De réir a chéile, d’fheabhsaigh rudaí do mhná, a bhuíochas sin leis na mná cróga misniúla a chuaigh romhainn ach, fós fhéin, leantar le nósanna, gan smaoineamh. Cé go bhfuil rogha acu anois, bíonn mná óga fós ag scaoileadh lena sloinnte ar phósadh dóibh agus, níos minice ná a mhalairt, sloinne an fhir amháin a thugtar do pháistí. Nuair a d’fhiafraigh mé den chailín óg an raibh sé sin tugtha faoi deara aici, ní raibh. What if, arsa mé fhéin léi, a pale skinned person was marrying a dark skinned person, and only the dark skinned person was expected to change surname? Well, a d’fhreagair sí, that wouldn’t be right, at all!
************************************
Foilsíodh an t-alt seo sa Donegal News an tseachtain seo, san fhorlíonadh, Súil Thart.' Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall eagarthóir an fhorlíonaidh.
No comments:
Post a Comment