Thursday, February 9, 2023

Na Seacht mBreáichte

Sin ceann de na seacht mbreáichte, a d’fhógair sé. Bhíomar inár suí sa seomra suite, ag breathnú ar an teilifís; mise, eisean agus a bhean chéile, cuairteoirí as Conamara a bhí ag fanacht liom don deireadh seachtaine. Céard sa diabhal iad na seacht mbreáichte, a d’fhiafraigh mé de, agus cén ceann acu atá feicthe agat? Breathnaigh ar an mbean sin atá ag caint ansin, a d’fhreagair sé, agus méar á díriú aige i dtreo na teilifíse, tá súile ar chruth almóinne aici agus sin ceann de na seacht mbreáichte.

Ar ndóigh, cuireadh neart ceisteanna air, ina dhiaidh sin, mar chuir mise, agus a bhean chéile, an-suim go deo sna breáichte céanna; an ceann a bhí luaite aige agus na sé cinn eile nach raibh ar eolas againn, ar fhaitíos na bhfaitíos go raibh siad againn, i ngan fhios dúinn fhéin, an dtuigeann sibh. Ní raibh an fear bocht ar an eolas fúthu uilig, dar leis fhéin, ach dúirt sé go raibh sé cloiste aige go raibh bricíní, fabhraí fada agus séanas ar liosta na mbreáichte, chomh maith. B’shin ceithre cinn as seacht gcinn. Ní raibh sé cinnte faoi na cinn eile, ach cheap sé go raibh dath gruaige ar cheann acu, freisin.

Tá teagmhálaithe agam (cairde, go deimhin) ar a dtugaim ‘An Dream Thiar.’ Ina measc sin, tá daoine atá i bhfad níos eolaí ná mise ar chúrsaí a bhaineann leis an sean-am, le saíocht, le seanfhocla, le nathanna agus le nósanna a théann i bhfad siar. Bhí mé ar an bhfón leo, breá luath, an mhaidin dár gcionn. Céard iad na seacht mbreáichte, a d’fhiafraigh mé díbh? De réir a chéile, cuireadh tuilleadh le liosta na breáthachta: súile gorma le gruaig dhorcha, nó súile donna le gruaig fhionn; loigíní, bricíní, fabhraí fada, ball dobhrán nó ball seirce, súile ar chruth almóinne, agus séanas. Go bhfios dom, is mná amháin a bhí luaite leis na breáthachtaí, ach d’fhéadfainn a bheith mícheart faoin méid sin.

Pé scéal é, rith sé liom gur suimiúil an rud é go raibh breáthacht an duine luaite lena ndreach san am a caitheadh. Sa lá atá inniu ann, déantar aerscuabadh ar phictiúir d’fhir agus do mhná in irisí, agus feictear daoine ar na meáin shóisialta ag cur ‘cuma na maitheasa’ orthu fhéin, go minic; cuid acu ag baint úsáide as aipeanna a dhéanann eagarthóireacht ar phictiúr; cuid eile a théann faoi scian ar mhaithe lena gcoincheap áilleachta, nó a bhaineann úsáid as líonaigh dheirmeacha nó Botox agus a leithéidí le hiad fhéin a dhéanamh níos tarraingtí, más fíor.

Meas tú an bhfuil an t-am a caitheadh fós i gceannas ar an am i láthair? An bhfuil na sean-nósanna fós beo beathach, agus nach bhfuil ann, sa lá atá inniu ann, ach go bhfuil sé ar ár gcumas bealaí a aimsiú leis na seacht mbreáichte a chruthú mura bhfuil siad againn cheana féin?

**********************************

Foilsíodh an t-alt seo sa Donegal News an tseachtain seo, san fhorlíonadh 'Súil Thart.' Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir 'Súil Thart.'

No comments: