Tá sí ar ais!
16 amhrán atá ar an ngearrliosta, i mbliana, agus guím gach rath ar na hiomaitheoirí uilig. Beidh an comórtas ar siúl sa Visual i gCeatharlach ar an 28 Eanáir. Tá na sonraí ón bpreaseisiúint, faoin gcomórtas agus faoi na rannpháirtithe agus na hamhráin, le léamh, thíos.
Tá áthas orm a rá go bhfuil amhrán nuachumtha liom fhéin ar an ngearrliosta don Chomórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha i mbliana; amhrán a chum mé faoin ngalar Alzheimer atá ann, agus táim buíoch de m'amhránaí, Domhnall Ó Braonáin, agus de Bhróna Ní Cheallacháin agus d'Éadaoin Nic Dhonnacha, as a bheith sásta an t-amhrán a chur i láthair ar mo shon.
Táim buíoch de na hurraitheoirí as an deis seo a thabhairt dúinne, lucht scríofa na n-amhrán Gaeilge, ár gcuid amhrán nuachumtha a chur i láthair lucht éisteachta, agus táim fíorbhuíoch don fhoireann uilig i nGlór Cheatharlach as an méid oibre a dhéanann siad ar ár son, agus ar son na teanga.
**********************
Reachtáilfear Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2023 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach oíche Dé Sathairn, 28ú Eanair ag 8.00i.n. As breis is 30 iarratas san iomlán don chomórtas i mbliana, tá 16 amhrán den scoth roghnaithe don ghearrliosta le bheith páirteach sa chraobh.
I measc na n-amhrán ar an ngearrliosta tá cinn as Co. na Gaillimhe, Dún na nGall, An Iarmhí, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Muigheo, Cill Chainnigh agus Ceatharlach.
Cuirfear na hamhráin i láthair beo ar an 28ú Eanair i gCeatharlach os comhair lucht féachana. ‘Siad na moltóirí ar an oíche ná an t-amhránaí aitheanta Aoife Scott, Emer O’Flaherty a bhuaigh an comórtas náisiúnta agus idirnáisiúnta sa bhliain 2017 len a hamhrán “Taibhse” agus an ceoltóir agus amhránaí Fiach Ó Muircheartaigh. Mar is gnáthach beidh an ceoltóir agus léiritheoir Ollie Hennessy ina stiúrthóir ceoil ar an gcomórtas.
Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an ceol agus an cur i láthair. Osclófar na doirse ag 7.30i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8i.n. Beidh fáilte roimh chách. Cead isteach €12 agus beidh ticéid ar fáil ag an doras.
IMRO agus Comhairle Chontae Ceatharlach atá ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn, Foras na Gaeilge, Pan Cheilteach agus Glór Cheatharlach. Bronnfar trí dhuais ar an oíche le €100 don tríú háit; €200 don dara háit; agus €1,000 móide an trófaí náisiúnta don chéad áit.
Rachaidh an t-amhrán buacach ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an gComórtas Idirnáisiúnta i rith na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl i gCeatharlach um Cháisc. Beidh an t-amhrán in iomaíocht ansin leis na hamhráin náisiúnta nua-chuntha eile roghnaithe ag Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhriotáin agus iad go léir ag súil le trófaí Pan Cheilteach 2023 agus príomhdhuais na féile €1,500 a thabhairt leo.
Glór Cheatharlach atá ag eagrú an chomórtais náisiúnta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Bríde ar 087 2857048, Emma ar 085 1340047 nó seol rphost chuig pancelticcarlow@gmail.com
*******************************
No comments:
Post a Comment