I mBarda na gCnámh Briste san ospidéal a bhí siad. Ceathrar acu, cnámha briste ina gcosa ag triúr acu, cnámh bhriste ina lámh ag duine amháin. Bhí siad uilig théis dhul faoin scian, an lá sin. Bhí siad uilig i bpian. Bhí an t-altra an-chineálta leo.
Is gearr go mbeidh an lia thart le labhairt libh, a dúirt sí.
Bhí go leor ceisteanna acu uilig don lia. Bhí a fhios ag an altra é sin. Cén uair a laghdódh an phian? An gcneasóidh an chnámh? Cén uair a bheas mé in ann dul abhaile? An mbeidh mé ceart go leor, amach anseo? Bhí na ceisteanna céanna cloiste go mion minic aici siúd.
Go deimhin, bheadh na ceisteanna céanna le cloisteáil ag chuile dhuine sa mbarda nuair a thiocfadh an lia, mar nach raibh tada idir na leapacha ach cuirtíní éadroma nár choinnigh ach méid áirithe faoi cheilt. Dá mba mhian leis na hothair, is dócha go bhféadfadh na cuirtíní sin a bheith tarraingthe siar ar fad, ach ní chuile dhuine a bheadh in ann é sin a dhéanamh. Theastódh tacaíocht de shaghas éigin.
Bhí sé deireanach san oíche nuair a thosaigh an lia ar a chamchuairt. Cé go raibh an príomhsholas múchta faoin am sin, bhí na hothair fós ina ndúiseacht; solas beag ag lasadh taobh na leapa acu a d’fhéadfaí a fheiceáil trí na cuirtíní. D’fhreagair an lia ceisteanna lucht na gcos briste, ceist i ndiaidh ceiste, duine ar dhuine. Bhí sé ar tí imeacht, nuair a luaigh an t-altra bean an rosta bhriste leis.
She can walk.., arsa an lia, agus amach an doras leis.
Chloisfeá biorán ag titim. Ní raibh focal ó aon duine acu; ní ón altra, ní ó othair na gcos briste. Ní dúirt bean an rosta bhriste tada, ach an oiread. Bhí a fhios aici gur chuala lucht an bharda an méid a dúirt an lia, mar chuala sise an méid a dúirt seisean leosan. Ní stopann cuirtíní éadroma focla.
Céard ba chúis leis an méid a tharla? B’fhéidir go raibh an lia bocht tuirseach traochta théis a lá oibre? B’fhéidir nach raibh scil aige ach amháin i gcneasú chnámh na gcos? B'fhéidir gurb éard a bhí i gceist aige ná go bhféadfadh an bhean an t-ospidéal a fhágáil ar an bpointe boise dá mba mhian léi? Faraor, leis na cuirtíní sa mbealach air, ní fhaca sé, b’fhéidir, go raibh sí ceangailte le diltálaire a bhí líonta le pianmharfóirí agus nach bhféadfadh sí bogadh, anonn ná anall.
Cibé scéal é, rinneadh neamhaird di. Níor chuir sí aon cheist. Ní bhfuair sí an deis. B’fhéidir nárbh fhiú deich dtriuf a ceisteanna? B’fhéidir nárbh fhiú mórán í fhéin? Ní raibh a fhios aici. Ní dúirt sí tada. Níor laghdaigh a himní. Ní bhfuair sí aon sólás.
Má tá fonn orainn rúin nua a bheith againn don bhliain nua seo, b’fhéidir go mbeadh sé níos deise, níos tuisceanaí, gan neamhaird a dhéanamh don duine ciúin, ach ceist a chur air nó uirthi,
an bhfuil tú ceart go leor?
Is iomaí briseadh nach féidir a fheiceáil. B’fhéidir go mbeadh cuid den leigheas i bhfocla cineálta.
No comments:
Post a Comment