Nuair a chloisim daoine ag rá ‘is fuath liom an Nollaig’ ní thugaim aird dá laghad orthu; ní mar gheall gur bhain siad úsáid as an bhfocal sin ‘fuath’ (focal nár thaitin le m’athair), ach mar gheall gurbh aoibhinn le m’athair an t-am seo den bhliain, agus d’fhág sé an grá sin mar oidhreacht agamsa.
Ón lá a thagadh m’athair abhaile leis an gcrann Nollag, bhíodh sceitimíní orainne, a sheachtar clainne. Le seachtain roimhe, bhíodh m’athair ag déanamh scéal mór den chrann – meas tú cén áit a gcuirfidh muid é i mbliana?... meas tú an bhfaighidh muid crann mór nó crann beag?... meas tú an mbacfaidh muid le crann ar chor ar bith?
Ar ndóigh, chaitheadh sé an cheist dheireanach sin isteach le bheith ag spochadh asainn, le muid a ghríosú chun cainte faoin Nollaig. D’éirigh leis! Chaithfeadh muid lá i ndiaidh lae ag dul anonn is anall eadrainn fhéin, ag tomhas méid an chrainn, ag labhairt faoi cá gcuireadh muid é ach, go háirithe, ag labhairt le m’athair faoi na bronntanais a raibh súil againn a fheiceáil faoin gcrann. Nach é m’athair a bhí cliste!?
Tá an Nollaig anseo. Tá an crann, an mainséar, na soilse, an cuileann agus na coinnle sna háiteanna céanna, arís i mbliana; agus bhí siad uilig curtha suas agam ar an gcéad lá de Mhí na Nollag. Tá daoine ann nach dtosaíonn ar a leithéidí go dtí an tseachtain roimh Lá Nollag, agus tuigim é sin ach, i mo chloigeannse, tá fáth go dtugtar Mí na Nollag uirthi; tosaíonn an Nollaig ag tús na míosa sin, agus críochnaíonn sí ag deireadh na míosa.
Tá nósanna Nollag agam i mo theach fhéin nach mbíodh againn sa mbaile, fadó. Mar shampla, nuair a bhíonn na maisiúcháin uilig crochta ar an gcrann againn, is í an duine is sine den chlann a chuireann an t-aingeal ar bharr an chrainn. Faraor, níor tharla sé sin i mbliana, mar bhí mo chailín álainn thar lear, lena clann fhéin. Ach, maidin lá Nollag, fuair mé téacs uaithi le pictiúr dá mac, mo gharmhac, ag cur réalta ar bharr an chrainn s’acu fhéin.
Le blianta fada anuas, ar an lá deireanach de Mhí na Nollag agus an teach á réiteach agam don bhliain nua, bailím na cártaí a fuair mé don Nollaig, agus cuirim i mbosca san áiléir iad. An bhliain dár gcionn, ar an gcéad lá de Mhí na Nollag, tógaim an bosca sin anuas ón áiléir, súim síos ag an mbord sa gcistineach, agus léim na cártaí sin, arís.
Nuair a thagaim ar chárta a tháinig ó dhuine éigin a fuair bás idir an dá Nollaig, cuirim an cárta sin ar leataobh, agus coinním é. Le himeacht na mblianta, tá líon na gcártaí ag méadú, faraor, ach chuile Nollaig, cuirim na cártaí sin ar bharr an mhatail sa seomra suite. Ó am go chéile, i rith Mhí na Nollag, léim na cártaí ar an matal. Breathnaím ar an mbeannacht a scríobhadh, agus leagaim póg le mo mhéar ar an ainm sínithe. Ar an gcaoi sin, airím liom iad. Bíonn siad i mo chuideachta, agus i mo chuimhne.
Ag an am seo den bhliain, ná bac le fuath. Tarraing do chuid cuimhní áille timpeall ort fhéin. Cas na carúil Nollag a d’fhoghlaim tú i d’óige. Ardaigh do ghlór agus coinnigh do mhisneach. ‘Sí an Nollaig í! Bí ag ceiliúradh!
****************
Foilsíodh leagan den scéal seo sa Donegal News ag tús na míosa seo san fhorlíonadh Gaeilge, Súil Thart, forlíonadh ar a bhfuil Seán Mór Ó Daimhín ina eagarthóir.
Craoladh leagan den scéal ar Raidió na Life ag 10:00 r.n. Lá Nollag, agus beidh sé cloisteáil ar Soundcloud Raidió na Life, chomh maith. Fearghal Saxe a chuir an clár in eagar.
No comments:
Post a Comment