Thursday, October 6, 2022

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2022

Ardaíonn mo chroí chuile mhaidin ó chuala mé go bhfuil Oireachtas na Samhna ar ais linn, beo beathach as Cill Airne, arís i mbliana. D'airigh mé uaim an ócáid bhliantúil, an teacht le chéile sin a thugann deis dúinne, lucht labhartha na Gaeilge, ár dtraidisiún a roinnt lena chéile; mar lucht féachana, mar lucht éisteachta, mar lucht siamsaíochta. 

Cé go raibh teacht ar an gCúirt Filíochta ar líne anuraidh agus arú anuraidh, a bhuí leis na filí uilig a chuir a gcuid filíochta ar fáil go fial flaithiúil, agus a bhuí le Proinsias Mac a'Bhaird, Sirriam gníomhach na Cúirte a rinne obair na gcapall ar na físeáin, beidh sé go deas bheith ar ais in bhur gcuideachta, arís, an mhí seo chugainn, Dé Sathairn, 5 Samhain, 1.30 i.n. i Seomra Park, in Óstán an Brehon i gCill Airne. 

Tá Barántas agus Deasghnátha na Cúirte seolta ag an Sirriam gníomhach ildánach gnóthach cantalach cumasach (féach thíos) agus cé nach gá cloí le téama an bharántais, iarrtar oraibh dán amháin (nó dhá dhán ghairide) a sheoladh chuige ag pmacabhaird ag gmail ponc com, roimh an 3 Samhain, le bhur dtoil, le go mbeidh deis aige na socruithe teicneolaíochta a dhéanamh - cuireann sé na dánta le chéile ar scáileán, le hosteilgeoir, le go mbeidh deis ag an lucht éisteachta an dán a fheiceáil le linn aithris an fhile. 

Is ócáid shóisialta í agus cuirtear fáilte roimh bhur gcuideachta, bíodh sibh ag léamh linn, nó ag éisteacht linn. Beidh mise agus Bríd Ní Mhóráin i láthair, mar mhná tí, le súil a choinneáil oraibh le cuidiú le Proinsias, agus iarrtar oraibh, mura miste libh, an scéal seo a scaipeadh ar bhur lucht aitheantais. 

Is breá leis an Sirriam filí úra agus filí óga a fheiceáil ag teacht inár gcuideachta ag an gCúirt Filíochta, agus molaim daoibh neart acu a aimsiú, más féidir libh, ar fhaitíos go mbeadh orm fhéin, ar Bhríd agus ar Phroinsias an dram uisce beatha, pins snaoisín agus crág duilisc (luach saothair gach file a léann dán ag an ócáid) a ídiú muid fhéin. 

***********************

Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, níor luaithe támh agus teidhm curtha ina ndiaidh ag maca Mhíle ná go bhfágtar fuar ina dtithe agus crom faoi ualach fiach iad.

Be it known, go bhfuil cogadh ag réabadh san Oirthear agus a anáil le brath ar chládaigh Éireann, go bhfuil sparáin folamh agus éadóchas ar dhaoine - tuirtheacht ba mhinic tráchta. Ach bíodh is go bhfuil foscadh gann, tá fine Inis Fáil i ndiaidh fáilte agus féile a chur roimh na sluaite anoir, rud ba chlú don chine Ghael ó aimsir ársa.

Whereas, ba nós ag an éigse sólás a thabhairt d’fhlatha agus tuatha na tíre a spreagadh, cén fhortacht a thabharfaidh filí Fódhla do mhacra Oileán na bhFionn, cén eagna a roinnfidh siad ar iníonra Inis Ealga?

Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an cúigiú lá de mhí na Samhna i gCill Airne ag 1.30 pm, maidir le cogaíocht, cuairteoirí agus cruatan.  

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an séú lá de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Dó. 

 

                                                     PROINSIAS MAC A’ BHAIRD

                                                                         Sirriam gníomhach


God Save The King!

 

 *********************

Deasghnátha na Cúirte 

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach].

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar pleananna teanga, Kneecap ná dul ar scor Mháirtín Tom Sheáinín ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Yola, Shelta agus Gaolainn Iarthar Dhuibhneach.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.

Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne. 


No comments: