Wednesday, August 10, 2022

Sléacht Sleachta

De réir an tseanfhocail, is ríocht ann fhéin intinn chuile dhuine. Tá toil againn. Muide atá i gceannas ar ár ngníomhartha fhéin.

Cén toil a bhíonn i mbun gnímh, meas tú, nuair a bhíonn rialtais ag sárú ar chearta cuid dá gcine, nó nuair a bhíonn reiligiúin ag sárú ar chearta cuid dá dtréad - toil an té a ghlacann leis an sárú, gan cheist, nó toil an duine atá freagrach as an sárú a dhéanamh sa chéad áit?

Nuair a ghlac pobal na tíre seo leis an gcaoi ar caitheadh le mná agus páistí na tíre sna Magdalene Laundries, fadó, an raibh aon duine acu - na mná, na páistí, a muintir, a gcomharsan, an pobal máguaird - an raibh aon duine acu sin ag gníomhú go toilteanach? Nó, an raibh sochaí na tíre ag maireachtáil faoi scáth na haimsire sin, am a raibh tromaíocht agus bulaíocht ina n-uirlisí ceannasaíochta, go rialta. An lámh láidir i mbarr réime, ar ndóigh.

Bhí reiligiún agus rialtas fite fuaite ina chéile, a gcreideamh agus a dtoil mar bhata acu, a mbagairt agus a mbrú ag leathadh ar fud na tíre, mar a leathfadh ola ar uisce - an ola ar an mbarr, an t-uisce faoina bun, agus gach rud a mhair san uisce á phlúchadh de réir a chéile.

De réir seanfhocail eile, moltar gan nós a dhéanamh ná gan nós a bhriseadh. Bíonn deacracht agam fhéin leis an gceann sin. Nach gcaithfeadh sé go ndearna duine éigin rud éigin am éigin áit éigin le go mbeadh nós ann le briseadh, an chéad lá riamh?

Glactar leis gur drochnós a bhí ann nuair a cuireadh mná, in aghaidh a dtola, isteach sna neachtlanna, fadó. Tá a fhios againn anois, ó scéalta na mban a mhair, gur caitheadh go leor acu amach as a dteaghlaigh agus as an eaglais áitiúil, teann náire iad a bheith ag iompar gan a bheith pósta; fiú sna cásanna nuair ab éigniú a ba chúis lena dtoirchis. Nuair nach raibh aon áit eile le dul acu, cuireadh dídean ar fáil dóibh sna neachtlanna. Ach, cén praghas a d’íoc siad ar an dídean sin?

Bheinn den bharúil nach go toilteanach a scaoil a bhformhór acu lena bpáistí, nach go toilteanach a shínigh a bhformhór acu aon cháipéis a thug cead do cheannasaí na háite, más fíor, páistí na mban a dháileadh ar dhaoine a bhí sásta iad a thógáil, nó a bhí sásta íoc astu - sin más rud gur mhair an páiste ar chor ar bith.

Nuair a shínigh bean cáipéisí na neachtlainne, fágadh a páiste gan a shloinne. Chaill an páiste a shliocht, agus eolas faoina shinsear. Ón lá sin ar aghaidh, bhí ginealas na máthar ceilte ón bpáiste. Bhí grá nádúrtha na máthar dá páiste caite go leataobh lena sloinne, mar a chaithfeá fuílleach an dinnéir in umar muc. 

Rinneadh neamhaird de chearta. Níor labhair a ndóthain den phobal amach ina n-aghaidh sin. Drochnós a bhí ann, drochnós a briseadh, faoi dheireadh.

Tá seanfhocal eile ann ina ndeirtear gur binn béal ina thost. Tá deacracht agam leis an gceann sin, freisin. Má thugann duine easpa cearta, nó easpa comhionannais, faoi deara, ar cheart don duine fanacht ina thost?

Tá tíortha ann ina bhfuil mná fós curtha in áit na leathphingine…mar a tharlaíonn le daoine atá aerach, freisin. Tá an náire sin a shamhlaítear le toircheas roimh phósadh, nó le grá idir bheirt aoninscneach, fós beo beathach.  Agus, ní thar lear amháin.

Léigh na tráchtanna ar na meáin shóisialta, go bhfeice tú. Tá a n-altóir fhéin ag daoine ar na meáin shóisialta. Bíonn seanmóireacht coitianta. Bíonn tréad dá leanúint. Ní thugtar aird dá laghad ar thuairim ná ar thoil aon duine eile, agus is minic briathra dia éigin luaite mar fhianaise acu. Suíonn lucht tostach ar an gclaí, ag léamh go socair, ag éisteacht go ciúin. An rud nach mbaineann leo, ní bhaineann siad leis. An seanscéal céanna agus meirg air. 

Mar sin fhéin, chuir ár vótaí rúnda deireadh le cuid de na sean-nósanna. Tá dul chun cinn déanta, ach tá go leor fós le déanamh.

Sa lá atá inniu ann, nuair a chinneann bean a sloinne a ligean le sruth ar phósadh di, nuair a chuirtear a sloinne go leataobh nuair nach dtugtar ach sloinne an athar amháin do pháiste, níl an bhean ag sárú ar a saoirse tola. In aon síniú amháin dá hainm, ar theastas an phósta, nó ar theastas na breithe, níl ann ach go bhfuil sí ag cloí le sean-nós.

Mar ar tharla sna neachtlanna, le síniú mar é, tá an-chuid eolais ghinealaigh na mná fágtha ar lár. Níl de dhifear ann sa lá atá inniu ann ach go bhfuil mná an lae inniu ag síniú na gcáipéisí sin go toilteanach. 

**********************************

Craoladh an aiste seo ar an gclár Áistí ón Aer ar Raidió na Gaeltachta ar an 28 Meitheamh, anuraidh, agus arís i Mí na Nollag. Is féidir éisteacht leis an ngearrthóg sin ón gclár anseo. Is é Marcus Mac Conghail, fear ilchumasach cumasach, láithreoir an chláir

No comments: