Táim an-mhór le mo shamhlaíocht. Bíonn sí fhéin agus mé fhéin ag obair as lámha a chéile, go rialta. Nuair nach mbíonn ceachtar againn cinnte faoi rud, tá a fhios againn gur féidir machnamh a dhéanamh ar an ábhar agus gur féidir theacht ar réiteach a fheileann don bheirt againn. Mar atá á dhéanamh againn anois díreach.
Ní hionann an caidreamh sin agus an caidreamh atá idir mé fhéin agus m’inchinn. Déanann m’inchinn a rogha rud, beag beann ar m’ionchursa. Ní éisteann sí liom. Is dócha gur féidir a rá go bhfuil sí an-chliste. Ise atá i gceannas. Caithfear cead a cinn a thabhairt di.
Cúpla mí ó shin, baineadh truisle asam; thit mé ar an gcosán thiar i gConamara, agus fágadh mé ar leathsciathán. Briseadh spruánach a thug siad air san ospidéal; smidiríní déanta agam den chnámh raidiúil. Ní mó ná sásta atá an chnámh chéanna liom, ó shin. Tá sí ag gearán ó mhaidin go faoithin, mar go bhfuil sí faoi shrian ag pláta, scriúnna agus greamanna. Foighne, a deirim léi, foighne! Ach, tá sí fhéin agus m’inchinn ag obair as lámha a chéile. Dá bhrí sin, airím pian. Chuile. Lá. Beo.
Thosaigh an fisiteiripe an tseachtain seo caite. Caithfear dul i mbun aclaíocht láimhe, is cosúil, le go mbeidh mé in ann an lámh a chur ag obair, arís, mar is ceart. An focal a d’úsáid an fisiteiripeoir ná coax, ceapaim; an lámh a lúbadh suas, síos, anonn is anall, go dtí go mbeidh sí ag obair chomh maith agus a bhí sí riamh. Is fearr, dar leis, gan teachtaireacht a sheoladh chuid m’inchinn ag rá léi go bhfuil pian ar an mbealach, ach leanúint orm le mo chuid aclaíocht láimhe agus, ar an gcaoi sin, feabhsóidh sí.
Is léir nach bhfuil aithne ag an bhfisiteiripeoir ar m’inchinn. Bhí sí ag éisteacht leis. Tá sí meabhrach. Aithníonn sí bréag nuair a chloiseann sí ceann, agus níor chreid sí mise ná eisean. Nuair a thosaigh mé ar mo chuid aclaíochta, sheol sí teachtaireacht chuig an gcnámh raidiúil agus níl stop le gearán na beirte ó shin.
Tharraing mé mo shamhlaíocht isteach sa scéal, ar maidin. Fág seo, a dúirt mé léi, agus déanfaimid dearmad ar an mbeirt eile sin. Rinne muid machnamh ar an ábhar. Shocraíomar neamhaird iomlán a thabhairt ar an bpian, agus scéilín beag a scríobh. Nach muid na hóinseacha! Bhí m’inchinn céim chun cinn. Bhí mo phlean oibrithe amach cheana aici. Chomh luath is a leag mé méar ar mhéarchlár, sheol sí teachtaireacht ó dheas. Ní raibh an comhfhreagras a fuair mé ón gcnámh ródheas, caithfidh mé a rá.
An ceacht atá le baint as an scéal? Ní hionann intinn chruthaitheach agus inchinn cheannasach!
*********************************
Foilsíodh leagan den scéal seo san fhorlíonadh Súil Thart, atá le fáil sa nuachtán Donegal News, an mhí seo caite. Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh.
2 comments:
Éiríonn an teach lán le pearsantachtaí láidre. An bhfuil taidhleoir ann ina measc?
Cuirfidh mé ceist... 😉
Post a Comment