Friday, April 1, 2022

Oireachtas na Samhna?

Tá a fhios ag an domhan mór go bhfuil muid uilig curtha trína chéile ag an bpaindéim. Tá a fhios againn, freisin, go bhfuil an scéal ag dul in olcas ar fud na tíre, rud a fhágann go gcaithfear breathnú chun cinn, go háirithe nuair atá laethanta speisialta, ócáidí nó féilte is a leithéidí á bpleanáil againn.

Le contúirt an chealaithe a sheachaint, tá lucht an oireachtais tar éis cinneadh a dhéanamh an fhéile a thabhairt chun tosaigh i mbliana agus, ar eagla na heagla, beidh formhór na n-ócáidí ealaíonta ar siúl an mhí seo, seachas i Mí na Samhna, mar shampla.

Mar gheall air sin, tá siad faoi bhrú ama, agus tá siad ag iarraidh ar iomaitheoirí na gcomórtas éagsúil a n-iarratais a sheoladh isteach chucu, chomh luath agus is féidir. Tá sonraí teagmhála na féile áirithe seo ag bun an leathanaigh ach, roimhe sin, tá sé tábhachtach, dúradh, go dtuigfeadh na hiarrthóirí gur gá cloí leis na coinníollacha coróinvíreasacha a bheidh leagtha síos do na comórtais ardáin, mar a leanas,

beidh damhsa ar an sean-nós ceadaithe beo ar ardán an Ionaid, ach beidh ar na hiomaitheoirí an damhsa a dhéanamh taobh thiar d’fhál gloine, iniamh atá deartha go speisialta don stáitse san Ionad, le nach mbeidh anáil an iomaitheora in ann aon teagmháil a dhéanamh leis an lucht féachana. Beidh na ceoltóirí a bheidh á dtionlacan ar chúl an stáitse, ach beidh siad le feiceáil ar scáileán mór, taobh thiar den damhsóir;

lúibíní, scéalaíocht, agallamh beirte srl., a bheith réamhthaifeadta ag na hiomaitheoirí, agus an físeán sin a sheoladh chuig oifig na féile lena n-iarratas. Beidh an físeán le feiceáil agus le cloisteáil ar scáileán mór, thuas ar an stáitse, am a iarrfar ar na hiomaitheoirí seasamh os comhair an scáileáin agus beolbheachtú a dhéanamh ar an saothar teilgthe. Ní cheadófar aithris bheo ar fhaitíos go spréifí frídíní ar an lucht éisteachta;

maidir le hamhránaithe an Choirn, ó tharla go mbeidh na hiomaitheoirí ag baint úsáide as an ardán céanna a bheidh in úsáid ag na damhsóirí rompu, beidh rogha acusan an fál gloine a úsáid agus an t-amhrán a chasadh beo, nó is féidir leo réamhthaifead den amhrán a sheoladh lena n-iarratas, am a mbeidh deis acu beolbheachtú a dhéanamh a fhad is atá an t-amhrán le feiceáil agus le cloisteáil ar an scáileán.  

Más mian leat bheith páirteach in aon cheann de na comórtais, nó más mian leat ticéad a cheannach don oireachtas ar leith seo, nó le tuilleadh eolais mar seo a fháil nó a sheachaint, seol ríomhphost chuig amadán@Aibreáin.ie.

No comments: