Monday, September 20, 2021

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2021

Mar a tharla anuraidh, beidh An Chúirt Filíochta á seoladh go fíorúil i mbliana. Tá barántas na bliana seo (féach thíos) seolta ag an Sirriamh Gníomhach uasal, Proinsias Mac a'Bhaird, agus beidh mé féin agus Bríd Ní Mhóráin ag coinneáil súil ghéar air, ar fhaitíos go bhfágfaidh sé muide aon rud ar lár. 

Arís i mbliana, is físeáin atá uainn, a chairde, le go mbeidh An Chúirt Filíochta páirteach mar chuid d'Oireachtas fíorúil na Samhna seo. 29 file a ghlac páirt ann anuraidh, agus is féidir an físeán álainn sin, a chuir Proinsias le chéile, a fheiceáil anseo

Tá an Treoir Taifeadta ag bun na blagmhíre seo (féach thíos), agus is féidir bhur n-iarrachtaí a thaifead, agus an físeán a sheoladh, mar aon le téacs an dáin, chuig Proinsias ag pmacabhaird ag gmail ponc com, ar ríomhphost, ar WeTransfer, nó chuig WhatsApp uimhir (086)2318698. 

Iarrtar oraibh focail an dáin a sheoladh, a chairde, mar cuirfidh Proinsias fotheideal le do dhán, le go mbeidh an lucht féachana in ann focail an dáin a léamh agus a chloisteáil uait, ag an am céanna. 

Tá agaibh go dtí Luan, 4 Deireadh Fómhair - beidh obair theicniúil le déanamh ag Proinsias in am don seoladh fíorúil, agus is fearr na físeáin a bheith aige faoin dáta sin, mura miste libh. Dán amháin (nó dhá dhán ghairide) atá ag teastáil, ach gan dul thar 3 nóiméad ar an bhfíseán, le bhur dtoil.

Táimid buíoch de lucht Oireachtas na Samhna as an deis a thabhairt dúinn bheith páirteach san Oireachtas fíorúil, arís i mbliana - tá ardán domhanda á chur ar fáil acu le go mbeidh deis ag filí na tíre seo filíocht na Gaeilge a cheiliúradh arís.

Seo chugaibh Barántas na bliana seo,

                                                                 Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, tá sé de nós ársa ag éigse Éireann, olagón géar a dhéanamh faoi dhroch-chás Inis Eagla [sic], bhí sé de chlú aici riamh anall, in am an ghátair, port níos dóchasaí a sheinnt do phatrún fial.

Be it known, go bhfuil an ghrian ag éirí an athuair ar chlár na nGael, dóchas faichilleach le brath i measc maca Mhíle go bhfuil an phlá réabtha ag dul in éag. Caoineofar a bhfuil ar lár ach breathnófar chun cinn le súile úra. Ach an mairfidh ár ndóchas i bhfad nó an mbáfar é faoi thonn iombháite? Cén dóchas atá acu siúd ar cás leo aer agus farraigí an domhain nó a bhfuil cúram acu dár ndeirfiúracha i mbrá sna críocha thoir?

Whereas, tá saol úr le cruthú againn nó, ar a laghad, seansaol le hathshamhlú againn, cén treoir, spreagadh agus misneach a thabharfaidh filí Fódhla do na cluasa a éistfear leo?

Ordaítear duit mar sin, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt do Chúirt a eagrófar tráth na Samhna, le solas a chaitheamh ar an todhchaí, ar an timpeallacht agus ar ghrúpaí Taliban sa bhaile is i gcéin.  

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí Mheán Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche is a hAon.         

 

                                                     PROINSIAS MAC A’ BHAIRD

                                                                         Sirriam gníomhach

 God Save The King!

 *****************

 TREOIR TAIFEADTA d’FHÍSEÁN OIREACHTAS NA SAMHNA 2021

Aimsigh do Shuíomh Taifeadta:

Bí airdeallach maidir leis an spás agus leis an gcúlra a roghnóidh tú mar gur ionann an fhíseán a thaispeáint go poiblí agus cuireadh a thabhairt d’aíonna isteach sa spás sin;

Cinntigh go mbeidh tú ar do chompord agus go mbeidh gach ní a bheidh ag teastáil uait in aice láimhe agat sula dtosóidh tú;

Déan tástáil roimh ré lena chinntiú go bhfuil dóthain solais sa spás le go mbeidh tú le feiceáil go soiléir.

An Suíomh Taifeadta:

Déan cinnte go bhfuil tú i seomra ciúin in áit nach mbeidh:

 Fothram ar bith;

 Macalla ar bith; ná

 Aon innill leictreonacha ar siúl sa chúlra. 

Fearas atá molta:

 Fón Póca nó Ipad le ceamara ar ardchaighdeán;

 Seastán tríchosach beag (mura bhfuil an trealamh seo agat, socraigh suas an fón póca nó

an ipad ar dhromchla mín, cothrom, os do chomhair amach agus daingnigh ansin é ionas

nach mbeidh aon bhaol go dtitfidh sé nó go mbeidh sé ag luascadh.)

An Taifead:

 Ar do cheamara, roghnaigh an socrú le haghaidh íomhá tírdhreacha (ar mhóramh na bhfearas níl le déanamh ach an fearas féin a iompú ar a thaobh;

 Socraigh tú féin os comhair an cheamara ionas go mbeidh tú le feiceáil ó do bhásta aníos go barr do chloiginn, ach fág neart spáis thar timpeall ort féin;

 Bí chomh nádúrtha agus is féidir leat ach b’fhearr gan an iomarca útamála ná bogadh thart a dhéanamh le linn an taifeadta.

 Bíodh do script réidh agat!

Nuair a bheidh an fhíseán críochnaithe agat:

 Sábháil an fhíseán; agus

 Seol é chuig an duine cuí ar WhatsApp, Ríomhphost nó WeTransfer.

Beidh Louise Ní Dháibhéid (louise@antoireachtas.ie) ar fáil le comhairle a chur ort má bhíonn aon cheist agat.

No comments: