Saturday, July 17, 2021

Duinelipéadú

Nuair a bhí mise i mo dhéagóir, fadó fadó fadó, bhínn ag breathnú ar chlár grinn, as Meiriceá ceapaim, a bhíodh ar siúl ar an teilifís in Éirinn an t-am sin. Ní cuimhin liom ainm an chláir, ná mórán eile faoin gclár, ach bhí radharc amháin a d'fhan liom, ar feadh mo shaoil...

Altra (banaltra a tugadh orthu an t-am sin) a bhí ar thóir oibre, agus chuir sí glaoch gutháin ar fhear a bhí ar thóir altra baile, de réir an méid a bhí leite aici ó fhógra i nuachtáin. (B'shin an chéad uair a chonaic mé 'scáileán roinnte', freisin, ach sin scéal nach mbaineann leis an scéal seo ar chor ar bith, ach amháin gur rith an chuimhne sin liom, ahem, anois díreach.) 

Pé scéal é, chuaigh an comhrá fóin rud éigin mar seo,

Altra:    'Hello, is that Mr. Cibésloinneabhíair? 

Fear:    'It is...who wants to know? And, speak up...I'm a little old, and a lot deaf.'

Altra:    'My name is Miss Cibésloinneabhíuirthi, and I want to apply for the nurse's job you  advertised.  Before we start discussing it, I think you should know that I am coloured.

Fear:    Did you say coloured?

Altra:    Yes. Is that a problem?

Fear:     Why, what colour are you?  

Tá mo shaol caite agam ag breathnú ar dhaoine mar dhaoine. Ní maith liom lipéid. Samhlaím, nuair a chloisim dath (gorm, dubh, geal, bán, buí) curtha ar dhuine, go bhfuil muid á scaradh amach ó dhaoine eile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Maidir leis an leagan nua 'duine de dhath' atá faoi chaibidil le lá nó dhó anuas, an bhfuil gá ar chor ar bith leis an 'de dhath' ar an 'duine' is cuma 'what colour' iad? Is daoine muid, le craiceann orainn uilig, agus tá dath de shaghas éigin ar chraiceann chuile dhuine beo againn. 

Baineadh an 'ban' as 'banaltra' agus is maith as é. An bhfuil gá le duinelipéadú? 

Anois, ná tosaígí mé ar an nath sin 'fell pregnant' le bhur dtoil...sin scéal eile...hmmmm.         

No comments: