Beidh an Chúirt ar bun arís i mbliana, ar ndóigh, ag Oireachtas na Samhna 2018, (dréacht plean d'imeachtaí na féile anseo, agus aip an Oireachtais le fáil anseo) ach beidh tuilleadh uaim faoi sin, ar ball, nuair a gheobhaidh mé Barántas na bliana seo ó Shirriam Gníomhach na Cúirte é féin, Proinsias Mac a'Bhaird.
Bhí an-tráthnóna againn anuraidh, mar is iondúil, agus bhí na filí agus a gcuid dánta thar barr. Go minic, bíonn scéal beag le hinsint ag an bhfile, roimh ré, faoin dán atá sé/sí ar tí a léamh, agus bíonn na scéalta sin iad féin mar chuid lárnach, spéisiúil agus speisialta, den Chúirt.
Tá an Chúirt ag dul ó neart go neart, chuile bhliain, idir fhilí agus lucht éisteachta ag cur go mór leis an ócáid. A bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, bhí deis againn greim bia agus deoch a bheith againn le chéile, tar éis na Cúirte, rud a thug deis dúinn uilig bualadh le chéile, gan strus ná stró ar aon duine, ach comhrá agus craic mar chlabhsúr againn ar thráthnóna pléisiúrtha.
Seo iad na filí a bhí ann anuraidh, ag Cúirt Filíochta 2017, san ord reatha inar léigh siad a gcuid dánta,
An Sirriam Gníomhach, Proinsias Mac a'Bhaird
Mo bhuíochas ó chroí le Proinsias Mac a'Bhaird, le foireann an Oireachtais, agus le hurraitheoirí na hócáide, Foras na Gaeilge.
Bhí an-time againn.
Táim ag súil go mór le sibh a fheiceáil ag an gcéad Chúirt Filíochta eile, 3 Samhain, ag Oireachtas na Samhna i gCiarraí.
Táim ag súil go mór le sibh a fheiceáil ag an gcéad Chúirt Filíochta eile, 3 Samhain, ag Oireachtas na Samhna i gCiarraí.
No comments:
Post a Comment