Thosaigh sé mar gháir mholta, an cineál wúhú! sin a ligeann
duine uaidh, go nádúrtha, nuair a tharlaíonn rud a chuireann fonn wúhúáil air
nó uirthi;
rud cosúil leis an gcéad chúl sin a chiceáil Michael Murphy, captaen fhoireann Dhún na nGall, isteach
san eangach, Dé Domhnaigh seo caite;
ach, chríochnaigh sé ina gháir dhearmaid, an cineál úps! sin a ligeann bean uaithi, go nádúrtha, nuair a mheabhraíonn sí go mba chóir
di, mar Chonnachtach atá, ahem, ina suí ar tholg in éineacht le fear as Maigh
Eo, go mba chóir di bheith, abair, rúinín beag diomúch faoin gcúl sin.
Sea, bhí mé idir dhá stól, a léitheoirí, ag iarraidh go
n-éireodh go maith leis an dá thaobh, an dtuigeann sibh, agus cé go raibh mé
díomách nuair a chaill Maigh Eo, bhí áthas an domhain orm nuair a bhuaigh Dún
na nGall.
Wúhúps?
Sea, bhí mé ar an gclaí, a léitheoirí, ach ar fhaitíos aon
amhras oraibh faoi cá mbeidh mo chuid tacaíochta ag dul Dé Domhnaigh seo chugainn,
beidh sí le Gaillimh, agus le Gaillimh amháin.
Mar a tharlaíonn sé, beidh mé ar eitleáin ag am na himeartha, agus diabhal mórán a fhéadaim a dhéanamh faoi sin, mar go raibh na
socruithe taistil déanta agam sular chinn Gaillimh go bhfanfadh siad tamaillín
eile sula dtabharfaidh siad Liam siar abhaile leo.
Beidh mé ar ais libh gan mhoill, a chairde. Idir an dá linn,
níl le rá agam ach…
…Gaillimh Abú!
2 comments:
Is trua é sin, a Áine. Tá súil agam go mbeidh dea-thoradh ar an gcluiche faoin am a shroicheann tú do cheann scríbe :)
ar dtús tá tú ar an chlaí, ansin tá tú idir dhá stól, ansin tá tú ar eitleán...fhad is nach bhfuil tú ag tabhairt dhá thaobh an bhealaigh leat síos an staighre ón eitleán, is nach bhfuil stól ná claí sa bhealach ort ag tuirlingt
Post a Comment