Tuesday, January 22, 2019

An Noflake Mise

Mar a fheicfidh sibh, ó theideal an ailt, thuas, níl aon phoncaíocht san abairt 'An Noflake Mise' mar sin, is dóigh liom go bhfuil seans ann go bhfuil tusa, a léitheoir, ag rá leat féin,

a.   An é gur 'An Noflake, Mise.' atá i gceist aici?

b.   An é gur 'An Noflake Mise? atá i gceist aici?

c.   Céard sa diabhal é 'Noflake,' meas tú?

d.   Is 'Flake' amach is amach í an bhean sin, gan dabht ar bith. (Féach uimhir 2 anseo, nó uimhir 3 anseo).

Ar aon nós, is é an focal 'Snowflake' (sa chomhthéacs seo, agus sa chomhthéacs seo) a chuir mo smaointe ag rith, ahem, craiceáilte ar fud na háite, ar maidin. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, tháinig an focal isteach i mo chloigeann mar,

a,   Tá sé fuar feannta in Inis Eoghain, inniu,

b.   Tá calóga sneachta ag titim anseo, inniu, mar gheall ar an bhfuacht sin.

c.   Cé nach gceapaim, ahem, gur 'flake' atá ionam, ar fáth éigin chuir an drochaimsir abhus an snáithe seo thall ar chuntas Twitter 'Bláthnaid Libh' i gcuimhne dom.

Nuair a fhaighim deis éisteacht leis, bainim an-sult as an gclár 'Bláthnaid Libh' ar Raidió na Gaeltachta. Bainim an-taitneamh, ach go háirithe, as an mír #GaeilgeChliste a bhíonn ar an gclár, chuile Shatharn; roghnaítear focal nó nath nua Béarla agus iarrtar ar an lucht éisteachta  focal nó nath nua, i nGaeilge chliste, a chumadh don fhocal/nath Béarla sin. 

Giota spraoi atá i gceist, mar a fheicfidh sibh anseo, agus bíonn duais dheas, i gcónaí, don nath/focal is cliste, dar le painéal an chláir, ar an lá.  

Ní fheicim aon 'flúirse téarmaí' mé féin; ní fheicim ach teanga atá beo beathach, agus spraíúil. Más beatha teanga í a labhairt, tá an gráthóir focal seo breá sásta focail nua ghreannmhara a chumadh, freisin, agus an chraic a choinneáil beo léi. Ní dóigh liom gur flake mise, agus an méid sin á rá agam. 

Anois, imígí libh agus, más mian libh, cuirigí Gaeilge chliste ar 'spoilsport' ... nó ar 'flake,' más fearr libh. 

Giota spraoi atá ann, an dtuigeann sibh. 

No comments: