‘Cá gcaithfeadh sibh an luaith ón tine fadó?’ a d’fhiafraigh mé féin de Mhac, cara liom as Conamara, fear gur cainteoir dúchais é.
Is ón gceist sin a fuair mé amach gurb í An Iothlainn an garraí ba ghaire den teach acu, agus Mac ag fás aníos. Mo chuimhne, is mar ‘olainn’ a d’fhuaimnigh sé an focal ‘iothlainn’, rud a thuigfidh duine ar bith le canúint Chonamara a deir an phaidir, Ag Críost an Síol, paidir ina bhfuil an líne ‘in iothlainn Dé go gcastar sinn.’
Tá focail éagsúla Béarla aimsithe agam don iothlainn. Ina measc tá haggard, rickyard, stackyard, a granary, a barn agus a threshing floor, Fágfaidh mé fúibh féin é cé acu focal is fearr a fheileann d’iothlainn Dé.
Pé scéal é, is cosúil go mbíodh balla mór láidir ard timpeall na hiothlainne fadó, le nach mbeadh na beithígh in all dul isteach ann, an dtuigeann sibh, mar is ansin a bhíodh na cocaí féir coinnithe. Cé nach bhfuil a fhios agam an ionann cruach fhéir (stack of hay), agus coca féir (cock of hay), tá ‘garraḋ na gcruaċ’ ag foclóir Lane O’Neill (735) ar an rud is haggard nó stackyard ann.
Is léir, ón méid seo uaidh, ‘ioṫla ċruaċaċ ḋeineann duine uaiḃreaċ’ go gceapann foclóir McCionnaith (lch. 574) go mbeadh duine uaibhreach dá mbeadh a iothlainn cruachach, cé go bhfuil foclóir Uí Dhónaill (lch. 731) den bharúil go mbeadh duine in dire straights, dá mbeadh sé, abair, in iothlainn an anró.
Agus, cá mbeadh duine agus é, nó í, i mbuailiḃ báis agus i n-ioṫlannaiḃ éaga (Dinneen Lch. 616)? Bheadh sé nó sí i mbuailte báis agus in iothlainneacha éaga sa lá atá inniu ann, is dócha, nó, mar a scríobh Dinneen, bheadh an duine in the enclosures of death and the threshing floors of fate– i bhfocail eile, bheadh an té sin ar na battle fields.
***********
3 comments:
i mbuailte báis
Tá an íomhá seo sa teanga ó ré na Sean-Ghaelge anuas:
“Mór de chóemaib do·rochratar ann i mbúaile báis.”
GRMA, a Dennis.
Ceapaim féin go bhfuil íomhá iontach láidir ag teacht ón nath sin 'i mbuailte báis agus in iothlainneacha éaga', agus bíodh go bhfuil sé ann ó ré na Sean-Ghaeilge, tá sé comhaimseartha freisin, faraor.
Sa saol cathrach an lae inniu ní bheadh an t-idirdhealú idir "iothlainn" agus "scioból", mar shampla, ró-shoiléir, ceapaim.
Nach í atá san iothlainn ná an áit ar chuirtear na barra bainte chun iad a stóráil agus a cháitheadh etc? Ach an mbíonn díon ar iothlainn uaireanta nó an é nach mbíonn iothlainn le díon riamh?
Maidir le "cruach fhéir" agus "coca féir", an é nach ndéantar coca féir leis an bhféar go díreach tar éis dó a bheith bainte agus cruach fhéir níos déanaí as an bhféar ar na cocaí nuair atá an féar sin triomaithe. Bhíonn cruach fhéir níos dlúithe agus ceangailte le téad nó le rópa i gcomórtas le cocaí féir a bhíonn carntha suas go scaoilte.
Post a Comment