Tharla sé
gur chaill mé codladh na hoíche, aréir, a léitheoirí. Ní go rómhinic a
tharlaíonn sé, go deimhin, ach, nuair a tharlaíonn, líontar folús mo
dhúiseachta le cuimhní cinn, agus tosaíonn smaointe ag rith isteach i mo
chloigeann; go dtí nach mbíonn áit sa chloigeann céanna do chodladh na hoíche, is dócha.
Sin é an baol.
Pé scéal é,
ceann de na cuimhní a tháinig chugam aréir ná an scéal a chuala mé, blianta
fada ó shin, ó lánúin a chaill codladh na hoíche iad féin, nuair a tháinig
duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, in am marbh na hoíche. Ghlac siad leis
gur duine óltach a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad
ina leaba.
Ní dea-scéal toradh an scéil sin, ach sin scéal eile, nach bhfuil
fúm é a roinnt anseo.
Is dóigh
liom gurb é an fáth gur tháinig an scéal sin chun cuimhne ná mar gheall ar scéilín
eile a insíodh dom, le déanaí. Lánúin eile, lánúin i bhfad níos óige, a bhí i mbun
inste an geábh seo. Dúisíodh iad, i lár na hoíche, níl sé i bhfad ó shin, nuair
a chuala siad duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, ach ghlac siad leis gur scam de shaghas éigin a bhí ann, rinne
siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba.
Rith sé
liom, aréir, nach bhfuil an saol ag athrú, ar chor ar bith, fiú má mhaítear go
bhfuil. Táimid uilig éagsúil, mar is iondúil; cuid againn inár ‘is cuma liom’aithe, agus cuid againn
inár ‘ní bhaineann sé liom’aithe,
agus níl a fhios ag aon duine againn, go cinnte, cén toradh a bheas ar aird, ná
ar neamhaird. Sin é an saol, agus nach é an mac baolach é, gan amhras dá laghad.
An méid sin
ráite, b’fhéidir go mba chóir dúinn amhras a bheith orainn faoina leithéidí.
Deacair a rá. D’fhéadfá codladh na hoíche a chailleadh…
No comments:
Post a Comment