Mar eolas daoibh, a chairde an cheoil thraidisiúnta, seo teachtaireacht a fuair mé inné, faoi cheolchoirm a bheidh ar siúl i nDoire an tseachtain seo chugainn,
'Beidh Oíche Cheoil Thraidisiúnta i Sandinos, Déardaoin, 13ú
Márta, 9.30in le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Beidh 'Fadó' (Claire
Nic Ruairí, Barry Mullan, Maria Maes) agus Cór an Ghrianáin i mbun ceoil
ar an oíche agus beidh na hamhráin ar fad i nGaeilge!'
Mé féin a chuir isteach na naisc Idirlín atá aibhsithe sa teachtaireacht sin thuas, a léitheoirí - níl le déanamh agaibh ach cliceáil ar an nasc aibhsithe, agus gheobhaidh sibh eolas sa bhreis ar an ábhar sin.
No comments:
Post a Comment