'Cnocadóirí agus Siúlóirí Chomhairle Contae Dhún na nGall
Gartán go Gleann Bheatha – Loch Inseach
Dé Sathairn, 14 Márta 2015
Teacht le Chéile: Tiocfaidh muid le cheile ag Oifig
Turasóireachta Fáilte Éireann i Leitir Ceanainn (in aice le hoifigí na Comhairle
Contae) ar 9.15am. Ansin, rachaidh muid ar aghaidh go Páirc Náisiúnta Ghleann
Bheatha i gcarranna. Fágfaidh muid na carranna sa charrchlós agus gheobhaidh
muid an bus ó Ionad na gCuairteoirí ar 10.00am.
Tabharfaidh an bus muid go tús shiúlóid Loch Inseach i
nGartán, mar a
rugadh Naomh Colm Cille. Is féidir go dtabharfar cuairt ar
Chros Cholm Cille chomh maith, mar rogha. Tá na ticéid don bhus le ceannach in
Ionad na gCuairteoirí ar chostas €2.00.
Leanfaidh an tsiúlóid suas go Loch Inseach agus ansin síos
go Caisleán Ghleann Bheatha fá choinne bolgam tae agus roinnt bonnóg sa Seomra
Tae. Siúlfaidh muid ar ais go dtí an carrchlós ansin ón Chaisleán. Ós rud é go
bhfuil dromchla crua ar an tsiúlóid seo, is leor brógaí reatha le tacaíocht
rúitín. Tabhair leat deoch agus greimeanna beaga. Bíodh athrú éadaigh sa charr
agat.
Fad achair: 12km
Fad ama: Thart fá 3.5 – 4.00 uair an chloig (sos tae san
áireamh)
Fá choinne tuilleadh eolais / áit a chur in áirithe: – cuir
scairt ar:
Ceannaire na Siúlóide: Róise Ní Laifeartaigh (087 9693965)
Cuiditheoir: Seán Ó Daimhín: (0879670985)'
1 comment:
An-turas!
Post a Comment