Tuesday, November 5, 2019

Gay Byrne

Sibhse atá i bhfad níos óige ná mise, tá seans ann nach bhfuil a fhios agaibh mórán faoin bhfear a cailleadh inné, Gay Byrne, ach níl dabht ar bith in intinn na mná seo faoin tábhacht a bhain leis, mar láithreoir, le linn a chuid ama le RTÉ. 

Seasca bliain ó shin, nuair a thosaigh Gay Byrne ag obair sna meáin, ní raibh trácht ar idirlíon. Go deimhin, ní raibh againne, agus mé ag fás aníos i gConamara, ach cainéal amháin teilifíse, agus cainéal amháin raidió; b'shin RTÉ. 

Dá bhrí sin, bhí a chlár raidió, The Gay Byrne Show, (ní raibh aon chaint faoi RnaG an t-am sin) agus a chlár teilifíse, The Late Late Show, go mór i mbéal an phobail; nó, ar a laghad, bhí siad lárnach in imeachtaí agus in eachtraí na tíre

Ní hionann 'lárnach' agus 'páirteach', an dtuigeann sibh. 

Sa lá atá inniu ann, níl mórán nach féidir a rá ar na meáin shóisialta ach, an t-am sin, bhí greim docht daingean ag cléir agus ag rialtas na tíre ar mhuintir na hÉireann; sé sin le rá, bhí dream coimeádach coimhéadach i gceannas ar an tír, agus go bhfóire a nDia ar aon duine nár thit isteach lena meon ná lena mianta. 

Bhí an coimeádachas beo beathach i RTÉ, go deimhin, agus bhí neart a rinne Gay Byrne ar a chláir nár thaitin leo, ach sheas sé an fód, agus dhírigh sé ar na hábhair sin a seachnaíodh le blianta fada roimhe sin. Go deimhin, murach a forásacht agus a chrógacht, agus a chreideamh i gcearta an duine agus i ndaonnacht, cá bhfios cá mbeadh ár dtriall sa tír seo. 

An méid sin ráite, bhí agallamhdhó a rinne sé ar an Late Late nach raibh mé róthógtha leis mar gur cheap mé go raibh cuid dá choimeádachas féin ag brú isteach ar a ghairmiúlacht, ach bhí agallamhdhó nó trí eile agus ba léir a ghairmiúlacht chliste. Go deimhin, fiú murar thaitin ábhar na n-agallamh le daoine, b'fhiú iad uilig a fheiceáil. Is iomaí rún a nochtadh. Is iomaí fírinne a nochtadh. 

Bhí fios a ghairme ag Gay Byrne, agus ní dheachaigh tada amú air. Ar a chlár raidió, thuig sé go díreach céard a bhí ag tarlú sa tír, agus ní raibh faitíos air roimh aon ábhar. Sheas sé an fód in éadan, nó in ainneoin, lucht an ghreama dhocht. Láithreoir ar leith a bhí ann. Fear ar leith a bhí ann. 

Mo chomhbhrón ó chroí lena mhuintir uilig. Mo bhuíochas ó chroí leisean. 

No comments: