Tuesday, January 15, 2019

Féile Pan Cheilteach 2019

Tá an fhéile seo luaite agam ar Facebook agus ar Twitter roimhe seo, a chumadóirí na n-amhrán, agus níl anseo uaim ach meabhrúchán beag, ar fhaitíos sibh ag cumadh libh, agus dearmad déanta agaibh den spriocdháta srl,...níl ach breis agus coicís fágtha! 

Seo chugaibh na sonraí,

'Spriocdháta don Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach 2019

Tá an spriocdháta d’iarratais don chomórtas náisiúnta chun amhrán a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann i gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019 ag druidim linn. Glacfar le hiarratais suas go 5i.n. Dé hAoine, 1ú Feabhra 2018. Mar sin déanaigí deifir! 

Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nua-chumtha. Cuirfear fáilte roimh amhráin ó amhránaithe aonair, grúpaí ceoil nó bannaí. Glacfar le gach saghas amhráin ar mp3 nó cd don chomórtas áirithe seo idir amhráin traidisiúnta, bailéid, pop amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol agus eile.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh ag an gcomórtas náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 23ú Márta in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach. Beidh painéal de dhaoine aitheanta I saol an cheoil agus na Gaeilge i mbun moltóireachta ar an oíche agus bronnfar duais airgid €1,000 ar an mbuaiteoir chomh maith leis an trófaí náisiúnta.

Rachaidh an t-amhrán a roghnófar ar aghaidh le bheith in iomaíocht ar son na hÉireann leis na hamhráin nua-chumtha eile ag Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhriotáin ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019 a bheidh ar siúl i Leitir Cheanainn um Cháisc.

IMRO i gcomhar le Gael Linn agus Glór Cheatharlach a dhéanfaidh urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta arís i mbliana. Pádraic Seoighe agus Niall Teague as Conamara a bhuaigh comórtas na bliana seo caite leis an amhrán ‘Ar Saoire’ agus d’éirigh leo an comórtas idirnáisiúnta a bhuachaint chomh maith. Rinne Emer Ní Fhlaitheartaigh an éacht céanna in 2018 leis an amhrán ‘Taibhse’. Beifear ag súil mar sin go leanfar le hádh na nGael don tríú bliain as a chéile!

Tá rialacha uile an chomórtais agus foirm iarratais ar www.panceltic.ie.  Is féidir sonraí a fháil chomh maith ach teagmháil a dhéanamh le Glór Cheatharlach ar 085 1340047 nó 087 2857048  nó is féidir scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com

An seoladh d’amhráin ar dhlúthdhiosca maille leis an bhfoirm iarratais faoi 5i.n. 1ú Feabhra ná Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Ceatharlach.

Bríde de Róiste & Emma Uí Bhroin, Pan Cheilteach, Ceatharlach
087 2857048, 085 1340047

No comments: