Beidh na filí thíosluaite, atá ar an ngearrliosta, ag léamh a gcuid dánta dúinn, sula bhfógróidh an moltóir (bunaitheoir An Chúirt Filíochta), Proinsias Mac a'Bhaird, cé hé nó cé hí buaiteoir an chomórtais.
Ina dhiaidh sin, beidh ceol traidisiúnta; agus mic oscailte ar fáil, más mian le haon duine agaibh bheith ann ar an oíche, agus bhur saothar fhéin a roinnt leis an lucht éisteachta.
Is mór ag an eagraíocht, Focail an Iarthuaiscirt/NorthWestWords, an chabhair mhór a thug tacaíocht airgeadais Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, trí Ealaín na Gaeltachta, chun an togra seo a chur ar bun.
Buíochas, freisin, le Uachtarlann Dhún na nGall as a gcuid urraíochta...beidh corn an chomhlachta á bhronnadh ar an mbuaiteoir, ar an oíche, chomh maith.
Beidh mise ann, mar Bhean An Tí, agus táim ag súil go mór leis an oíche. Bígí linn, a chairde!
North
West Words
Café
Florence, Leitir Ceanainn
An Déardaoin 30 Márta 2017 8.00pm
Comórtas filíochta Gaeilge 2016
le Focail an
Iarthuaiscirt,
urraithe ag
Ealaín na Gaeltachta
agus Uachtarlann Dhún na nGall
An chéad
duais: 250 euro agus corn (urraithe ag Uachtarlann Dhún na nGall)
Moltóir an
chomórtais: Proinsias Mac a'Bhaird
Gearrliosta
An abairt ghearr - Sean O’Muireagáin, Béal Feirste
Bruach - Gearóid DeBriotún, Baile Átha
Cliath
Admháil na hOíche Shathairn, Cúpla
Lá Iardheireadh Caidrimh
-
Dubhán Ó Longháin, Co. Dhún nan Gall
Gadaí na Geanmnaíochta - Michéal O Ruairc, Baile Átha
Cliath
An Fidléir - Máire Dinny Wren, Co. Dhún nan
Gall
Deasghnáth - Seosamh Ó Murchú, Baile Átha
Cliath
No comments:
Post a Comment