Friday, September 11, 2020

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2020

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is ócáid bhliantúil í An Chúirt Filíochta ag Oireachtas na Samhna. Is é Proinsias Mac a'Bhaird eagarthóir na hócáide, agus bíonn mé féin agus Bríd Ní Mhóráin mar mhná tí aige. 

Go hiondúil.  

Ach, níl tada 'iondúil' faoin mbliain seo, faraor. Mar sin féin, d'iarr lucht an Oireachtais ar Phroinsias ar mhiste leis cúirt fhíorúil a chur ar fáil d'fhilí na tíre agus, i bhfaiteadh na súl, nár ghléas sé é féin i gclóca an tsirriam ghníomhaigh, agus sheol sé barántas na bliana seo chugainn. (Féach thíos)

Mar sin, a chairde, is físeáin atá uainn, i mbliana. Iarrtar oraibh bhur n-iarrachtaí a thaifeadadh (fón póca, táibléad, nó eile), agus an físeán, mar aon le téacs an dáin, a sheoladh chuig Proinsias ag pmacabhaird ag gmail ponc com, nó chuig WhatsApp uimhir (086)2318698, roimh an Luan, 28 Meán Fómhair, le bhur dtoil. 

Ní gá cloí le téarma an bharántais (is féidir leat dán duine eile a aithris nó a cheol, más mian leat) ach iarrtar ort gan dul thar trí nóiméad - beidh go leor obair theicniúil i gceist, mar a thuigfeá, agus tá súil ag Proinsias físeán mór amháin (40/50 nóiméad) a chur le chéile (le fotheidil fhocal an dáin curtha le físeán an fhile aonair) réidh le seoladh chuig Oireachtas na Gaeilge, le deis a thabhairt dóibh an físeán a chraoladh mar chuid den Oireachtas fíorúil. 

Treoir Taifeadta d'fhíseán le léamh ag bun an leathanaigh seo, a bhuí le hOireachtas na Samhna

Mar sin, a chairde, tapaígí an deis! Seans iontach atá anseo litríocht agus filíocht na Gaeilge a thaispeáint go forleathan, ar fud an domhain. Is fearr go fíorúil ná go brách. Go n-éirí go geal le bhur n-iarrachtaí! Seo chugaibh Barántas na bliana seo,

Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, is dual d’éigse na hÉireann ceol a chumadh faoi éachtaí chine na nGael, faoi na hoilbhéimeanna a bhaineann dó agus, ó aimsir na dtaoiseach tréan, fúthu siúd a d’imreodh tionchar ar bhánta Fódhla.

 Be it known, tá olagón agus caoineadh géar ag éirí i measc maca Míle agus galar ag réabadh ar bhlár Oileáin na bhFionn. Tá deireadh le spraoi na mban agus tá sult na bhfear in ísle brí, ní bhíonn i súgradh páistí ach cluichí ar líne. Tá ár dtaoisigh úra ag malartú cótaí a fhad is atá cnámha Aoidh Ruaidh á nochtadh sa Spáinn agus tá an phéacóg bhuí san Oileán Úr ag glagaireacht leis i dtólamh.

 Whereas, tá an saol ina roithleán agus cinnteachtaí á gceistiú de shíor, cén iarracht a dhéanfaidh filí na hÉireann a cruth ceart a chur ar an fhírinne, tamhach táisc ár linne a chur i rann?

 Ordaítear duit mar sin, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt do Chúirt a eagrófar tráth na Samhna, le solas a chaitheamh ar ghalair, gearmansaíocht agus glórtha ar cheart dul in éag.

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an tríú lá de mhí Mheán Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Fiche.

PROINSIAS MAC A’ BHAIRD 

Sirriam gníomhach

 God Save The King!

*************************************

TREOIR TAIFEADTA d’FHÍSEÁN OIREACHTAS NA SAMHNA 2020

Aimsigh do Shuíomh Taifeadta:

Bí airdeallach maidir leis an spás agus leis an gcúlra a roghnóidh tú mar gur ionann an fhíseán a thaispeáint go poiblí agus cuireadh a thabhairt d’aíonna isteach sa spás sin; Cinntigh go mbeidh tú ar do chompord agus go mbeidh gach ní a bheidh ag teastáil uait in aice láimhe agat sula dtosóidh tú;

Déan tástáil roimh ré lena chinntiú go bhfuil dóthain solais sa spás le go mbeidh tú le feiceáil go soiléir.

AN SUÍOMH TAIFEADTA

Déan cinnte go bhfuil tú i seomra ciúin in áit nach mbeidh:

 Fothram ar bith;

 Macalla ar bith; ná

 Aon innill leictreonacha ar siúl sa chúlra. 

CÉARD A BHEIDH AG TEASTÁIL CHUN AN FHÍSEÁN A THAIFEAD?

Fearas atá molta:

 Fón Póca nó Ipad le ceamara ar ardchaighdeán;

 Seastán tríchosach beag (mura bhfuil an trealamh seo agat, socraigh suas an fón póca nó an ipad ar dhromchla mín, cothrom, os do chomhair amach agus daingnigh ansin é ionas nach mbeidh aon bhaol go dtitfidh sé nó go mbeidh sé ag luascadh.)

 AN TAIFEAD

 Ar do cheamara, roghnaigh an socrú le haghaidh íomhá tírdhreacha (ar mhóramh na bhfearas níl le déanamh ach an fearas féin a iompú ar a thaobh;

 Socraigh tú féin os comhair an cheamara ionas go mbeidh tú le feiceáil ó do bhásta aníos go barr do chloiginn, ach fág neart spáis thar timpeall ort féin;

 Bí chomh nádúrtha agus is féidir leat ach b’fhearr gan an iomarca útamála ná bogadh thart a dhéanamh le linn an taifeadta.

 Bíodh do script réidh agat! Nuair a bheidh an fhíseán críochnaithe agat:

 Sábháil an fhíseán; agus

 Seol é chuig an duine cuí ar WhatsApp, Ríomhphost nó WeTransfer.

Beidh Louise Ní Dháibhéid (louise@antoireachtas.ie) ar fáil le comhairle a chur ort má bhíonn aon cheist agat.

No comments: