Nuair a bhí mise ag fás aníos, insíodh scéalta dúinn faoi shióga; sióga le sciatháin a raibh cónaí orthu ag bun an gharraí, b’fhéidir, nó na ceanna sin a bheadh ag fanacht leat sa dorchadas le greim a fháil ort agus tú leat fhéin sa leaba. Ní raibh sciatháin luaite leis na sióga faoin leaba, más buan mo chuimhne, ná leis na sióga a bheadh ag fanacht ort dá mbeifeá ag siúl abhaile leat fhéin ó theach do chomharsan deireanach san oíche. Aisteach go leor, ní fhaca mé fhéin sióg riamh, cé go dúradh liom go raibh siad ann; caithfear na daoine fásta a chreidiúint, cé nach bhfuil a fhios agam ó thalamh an domhain cén fáth ar inis siad a leithéid de scéalta do pháistí beaga soineanta cosúil liom fhéin.
Cibé scéal é, is léir gur cuireadh smacht de shaghas éigin ar na sióga scanrúla thar na blianta, mar tá siad feabhsaithe go mór anois, feictear dom. Ní raibh a fhios agam fhéin tada faoi na sióga athnuaite atá tagtha ar an bhfód le roinnt blianta anuas, go dtí gur inis mo gharpháistí dom faoin tSióg ag an tSeilf atá acu fhéin sa mbaile. Buddy a thugann siad air, dúradh liom, agus bogann sé ó áit go háit sa teach s’acu i rith na hoíche, i ngan fhios don teaghlach. Nuair a éiríonn na páistí agus a dtuismitheoirí ar maidin, feiceann siad an suíomh nua atá bainte amach ag Buddy, go hiondúil áit éigin thíos staighre. Is féidir leis a bheith dána, muise. Maidin amháin, tháinig siad air agus a chloigeann sáite aige sa gcrúiscín siúcra. Maidin eile, bhí praiseach déanta aige den pháipéar leithris agus é fhéin ina shuí i lár na praisí!
Bhuel, níl a fhios agam an é go bhfuil gréasán rúnda faoi thalamh de shaghas éigin ag na sióga ach théis dúinn scéal Bhuddy a chloisteáil, an mhaidin dár gcionn céard a bhí romham fhéin agus roimh fhear an tí seo sa seomra suite ach dhá shióg! Bhí ceann acu cromtha faoin gcrann Nollag, agus bhí an diabhailín eile ina shuí suas ar an réinfhia ar an matal, amhail is go raibh sé ag marcaíocht ar an réinfhia bocht ar feadh na hoíche! Ó shin i leith, chuile mhaidin a éiríonn muid, bíonn na sióga sin sa seomra suite nó sa gcisteanach, agus diabhlaíocht de shaghas éigin ar siúl acu.
Níl a dhath a fhéadfas muid a dhéanamh faoi ach fanacht go dtí go dtiocfaidh fear na féasóige fada báine lena bhronntanais a fhágáil faoin gcrann, oíche Nollag. Imíonn na sióga ina dhiaidh sin, is cosúil, agus ní fhilleann siad go dtí an chéad Nollaig eile. Sin a dúradh linn, pé scéal é, agus tá a fhios a’inn uilig go gcaithfidh na daoine fásta amhrasacha na páistí beaga soineanta a chreidiúint.
********************************
Foilsíodh leagan den scéal seo sa Donegal News an tseachtain seo, san fhorlíonadh Súil Thart. Is é Séan Mór Ó Daimhín eagarthóir an fhorlíonaidh.
Is féidir cuid de na hailt eile a scríobh mé a léamh anseo.
Is féidir m'alt faoi Nósanna na Nollag a léamh anseo.
Bainígí sult as na laethanta saoire, a léitheoirí.
No comments:
Post a Comment