Craoladh Féile Liú Lúnasa, ina hiomláine, ar líne, i mbliana, mar gheall ar na srianta, agus rinne eagarthóir na féile, Caoimhe Ní Chathail, agus an Chultúrlann, an-jab go deo. Is féidir leat theacht ar na himeachtaí uilig, mar ar craoladh iad beo, anseo, ar shuíomh Facebook na féile.
Ocht nduine dhéag a bhí páirteach sa chomórtas Slam Filíochta, i mbliana, comórtas a reáchtáladh ar an 28 Lúnasa. Is féidir an seó iomlán a fheiceáil, arís, anseo. Bhí teachtaireachtaí suimiúla dá gcuid féin le roinnt ag na hiomaitheoirí uilig, agus bhain mé an-taitneamh as an gcraic - an chéad uair agam bheith páirteach i gceann acu, agus súil agam tabhairt faoi arís.
Tá éagsúlacht, foghlaim agus fuinneamh ar leith, ag baint le slamfhilíocht, feictear dom. Is maith ann foghlaim agus fuinneamh, i mo thuairim, agus is aoibhinn liom éagsúlacht. Beidh mé ag faire amach do na hiomaitheoirí a bhí páirteach ann, i mbliana - teachtaireachtaí agus/nó smaointe suimiúla acu uilig, agus táim ag súil, go mór, le tuilleadh a chloisteáil uatha.
Sinéad Álainn Ní Uallacháin a chuir tús leis an gcomórtas Slam Filíochta, agus is é Séamus Barra Ó Súilleabháin, moltóir an chomórtais, a chuir clabhsúr leis an Slam (ó chúl charr éigin, ceapaim, ach d'fhéadfadh sé gur scáileán glas a bhí in úsáid aige) nuair a d'fhógair sé ainmneacha na mbuaiteoirí, théis focal nó dhó a rá faoin gcomórtas, agus, ahem, fúm féin. Táim buíoch díot, a chara.
Comhghairdeachas ó chroí leis na buaiteoirí! Seo chugaibh ainmneacha na hiomaitheoirí a ghlac páirt sa chomórtas, le cló níos duibhe ar ainmneacha na mbuaiteoirí,
Sinéad Ní Thuamáin (buaiteoir an chomórtais) le cloisteáil anseo
Áine Durkin (féach thíos - mise mé féin)
Cian Ó Gríofa
Padaí de Bléine
Dáithí de Buitléir
Gearóidín Nic Cárthaigh
Seph Ní Mhealláin
Ita Fitzmahony
Sam Ó Fearraigh (an dara háit) le cloisteáil ag 15.42 nóiméad anseo.
Stiofáin Ó Briain
Seán Ó Dubhchon
Ciara Ní É (an triú háit) le cloisteáil ag 26.38 nóiméad anseo.
Jill McMahon
Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh
Maoilíosa Scott
Meadhbh Ní Eadhra
Emma Ní Chearúil
Dubhán Ó Longáin
An Séantóir
No comments:
Post a Comment