Monday, August 3, 2020

Focail Liom Focail Leat

'Ní chuirfidh mé araoid ar bith ort, go dtí amárach.' 

Sin é a dúirt sí liom. Bhioraigh mo dhá chluais. Ní raibh an focal sin, araoid, cloiste agam, roimhe, agus, mar a thuigfeá, chuir mé neart ceisteanna uirthi faoin bhfocal. Is iomaí úsáid a d'fhéadfá a bhaint as, mar fhocal. 

Sa chás thuasluaite, ní raibh sí ag dul ag cur isteach ná amach orm go dtí an lá dár gcionn, ach, mar a tharla sé, ní raibh aon ní eile ag cur araoide orm, faoin am sin, ach an focal é féin. Go deimhin, dá mbeinn cantalach, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr di gan araoid ar bith a chur orm, i bhfocal eile, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá n-éistfeadh sí liom!

Anois, nach aoibhinn don déagóir ag a bhfuil máthair nach gcuireann araoid ar bith air faoi na héadaí a chaitheann sé, mar is léir gur duine réchúiseach atá inti, mar mháthair. 

'Diabhal araoid ach ag léamh leis.' a scríobh Joe Steve Ó Neachtain (ag caint linn fhéin, lch 135) nuair nár thug an múinteoir aird ar bith ar féin ná ar a chairde (beidh ort an leabhar a léamh, le tuiscint a fháil ar an scéal greannmhar sin, a léitheoir), agus, ina leabhar 'Idir Neamh is Talamh,' ar leathanach 60, scríobh Joe, 'Níor iompair Antaine aon fhaitíos; más duine nó beithíoch a bhí tar éis geit a bhaint as, bheadh graithe dá dhícheall aige dá gcuirfeadh sé aon araoid air.' Dá mbeadh ciall ar bith ag an duine nó beithíoch sa ghearrscéal sin, bheadh sé chomh maith dóibh gan a bheith ag cur as d'Antaine, cheapfainn. 

Tuilleadh samplaí d'úsáid an fhocail le feiceáil anseo, ar shuíomh gréasáin gaois.ie. 

Seanfhocal nó dhó, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Ná cuir aon araoid orthu is ní chuirfidh siad aon mhí-aighneas ort. (Fearg)

Ná cuir earaoid ar dhuine nó go gcuire sé earaoid ort. (Neamhspleáchas) 

No comments: