Saturday, August 8, 2020

Comhrá le hÓgie

Is maith liom podchraoltaí. Tugann siad deis dom éisteacht leis na hagallaimh, comhráite agus cláir is fearr liom féin, cibé uair is mian liom. 

Ar m'fhón póca, tá an aip Podcast Republic agam, agus tógaim síntiús (in aisce) leis na cláir/podchraoltaí is fearr liom féin, le go mbeidh mé in ann theacht orthu, go rialta. Tagann na míreanna nua isteach, go huathoibríoch, agus roghnaím féin na míreanna ar mhian liom éisteacht leo. 

Bhí sé léite agam, ar tuairisc.ie, (a bhuí le chuala.me) go raibh podchraoladh nua ag teacht ar an bhfód, Comhrá le hÓgie, ina mbeadh Ógie Ó Céilleachair ag cur daoine, in Éirinn agus thar sáile, faoi agallamh. Bhí Tadhg Ó Foghlú ar an gcéad podchraoladh (mac le hÁine Uí Fhoghlú, rud nach raibh a fhios agam, go dtí gur chuala mé an t-agallamh) lena raibh mé ag éisteacht, ar maidin.  

Mura ndéanfaidh tú aon cheo eile an deireadh seachtaine seo, a léitheoir, mholfainn duit éisteacht leis an bpodchraoladh seo. Tá sé greannmhar in áiteanna, Tadhg agus Ógie ag gáire os ard leis an gcompord sin a tharlaíonn, go nádúrtha, nuair atá aithne mhaith ag daoine ar a chéile (d'fhreastail siad ar scoil lena chéile), agus bhí cuid de na scéalta a roinn Tadhg linn, faoin am a chaith sé san India, i mBanglaidéis, ar na hOileáin Fhilipíneacha, fíorshúimiúil ar fad - athionchollú, cantaireacht, moncaithe ag sciobadh rudaí, ag múineadh amhrán Diana Ross do na manaigh, cén fáth nach maraítear muiscítí, cén fáth nach gcuirtear striapacha ná páistí ach ar thaobh amháin den Ghainséis srl. 

Ach, is iad na nithe a d'inis sé dúinn faoina chuid ama le Muintir Róihinse, agus é ar cuairt ar an gcampa géibhinn i mBanglaidéis, a bhrisfeadh do chroí. Chaith Tadhg seal ag labhairt le leaid óg as Maenmar, leaid óg a chonaic rudaí nár chóir go bhfeicfeadh aon duine go brách. Tá sé deacair an cineál sin brúidiúileachta a chonaic sé a thuiscint, agus bhain sé siar asam, ag éisteacht leis. 

Má cheapann aon duine nach dtarlódh/nár tharla a leithéidí sa tír seo, riamh, is fiú na línte deireanacha ar leathanach 60 den leabhar 'Mise Raiftearaí, An Fíodóir Focal' a scríobh Tadhg Mac Dhonnagáin a léamh; agus, ar leathanach 150 den úrscéal Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin, tá cuir síos déanta ar eachtra 'ficseanúil' a tharla i mBéal Feirste sna fichidí - leideanna sa dá leabhar sin faoi chumas brúidiúlachta an duine, nó airm, a cheapann go bhfuil an 'ceart' acu na nithe a dhéanann siad a dhéanamh. 

Nuair a chuala mé Tadhg Ó Foghlú ag labhairt faoin méid a chuala sé ón leaid óg, smaoinigh mé ar na hailt a léigh mé ón dá leabhar sin. Tá smaointe ann nach féidir leat a fhágáil i do dhiaidh. Ní féidir tráma an fhir óig sin a shamhlú, ach chuaigh an fuacht go smior ionam ag éisteacht leis an méid a d'aithris Tadhg sa phodchraoladh. 

Maith iad Foras na Gaeilge a thug tacaíocht don tsraith seo. An-jab déanta ag Ógie, an-tuairisc faighte againn ó Thadhg. Táim ag súil, go mór, leis an gcuid eile den tsraith. 

No comments: