Wednesday, November 6, 2019

Féile Pan Cheilteach 2020

Tá an comórtas d'amhrán nua Pan Cheilteach 2020 seolta, a léitheoirí, agus seo chugaibh (thíos, cló iodálach) an preas eisiúint maidir le comórtas na bliana seo chugainn.  Beidh sé ar siúl anseo i gCeatharlach ar an 22 Feabhra 2020, is é an spriocdháta d'iarratais ná 17 Eanáir 2020, agus is féidir na rialacha a léamh anseo

Más mian libh mo thaithí féin, mar scríbhneoir amhrán, sa chomórtas roimhe seo a léamh, caith súil ar na blagmhíreanna anseo

'Fógraíodh sonraí Chomórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2020 ag Oireachtas na Samhna an tseachtain seo caite agus cuirfear fáilte roimh iarratais go ceann trí mhí. Is comórtas é seo chun amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach na bliana seo chugainn. Ní foláir na hiarratais a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nua chumtha.

An t-amhrán ‘Ní Thuigim’ scríofa ag Áine Durkin agus curtha i láthair ag an amhránaí Daríona Ní Dhonnacha a bhuaigh comórtas náisiúnta na bliana seo agus chuaigh an t-amhrán ar aghaidh chun an Comórtas Idirnáisiúnta a bhuachaint chomh maith.

Glactar le gach stíl amhráin don chomórtas áirithe seo idir amhráin traidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol agus eile. Cuirfear fáilte roimh iarratais ar cd nó mp3 suas go dtí Dé hAoine, 15ú Eanair 2020. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach ar an Satharn, 22ú Feabhra 2020.
‘Sé an ceoltóir Ollie Hennessy a bheidh ina stiúrthóir ceoil ar an gcomórtas agus beidh moltóirí aitheanta i láthair chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair. Déanfaidh IMRO i gcomhar le Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas agus beidh duais €1,000 agus an trófaí náisiúnta don bhuaiteoir chomh maith leis an deis canadh ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2020 a reachtáilfear i gCeatharlach an Cháisc seo chugainn. Beidh an t-amhrán a roghnófar in iomaíocht ansin sa chomórtas idirnaisiúnta leis na hamhráin nua-chumtha ag na tíortha ceilteacha eile Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an Chorn  agus an Bhriotáin.

Tá sonraí uile an chomórtais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.panceltic.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Ghlór Cheatharlach ar 087 2857048, 085 1340047 nó scríobh chuig  pancelticcarlow@gmail.com. Is é an seoladh d’iarratais le dlúthdhioscaí faoi 15ú Eanair 2020 ná Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach. Bí ag cumadh agus ag canadh!'

No comments: