Monday, May 15, 2017

Smaointe ag Rith

Tharla sé go raibh sé fhéin agus mé fhéin ag ól caife, ar chúl an tí (sular fhág an ghrian muid) inné, agus cé nach cuimhin liom cén fáth ná cén chaoi ar tharla sé, tháinig ainm Emma Peel isteach sa chomhrá. 

Anois, tá a fhios agam go maith go bhfuil daoine á léamh seo agus ní bheidh leid dá laghad acu cé hí Emma Peel, agus tá chuile sheans ann nár chuala siad iomrá ar The Avengers ach an oiread (an clár ina mbíodh an t-aisteoir, Diana Rigg, ag aisteoireacht mar Emma Peel) ach ba chlár é a thaitin go mór liom fhéin, nuair a bhí mé i mo chailín óg. 

Bhí mé, ahem, ag iarraidh bheith cosúil le Emma Peel, an dtuigeann sibh, a léitheoirí. Shamhlóinn mé fhéin, i m'éadaí dubha teanna, ag sábháil an domhain, agus is iomaí karate cic a tarraingíodh, i dtreo mo shiblíní, thar na blianta, agus mé, ahem, i mbun na hoibre sin. Tá chuile sheans ann go bhfuair mé cic nó dhó ar ais, ach ní cuimhin liom na, ahem, rudaí beaga suaracha sin. 

Ach, is cuimhin liom, go maith, an díomá a bhí orm nuair nár éirigh le Daidí na Nollag an chulaith dhubh theann sin a fhágáil faoin gcrann Nollag dom. Bhí sí ar bharr mo liosta a'm! Ar ndóigh, tá a fhios agam nach ar Dhaidí na Nollag a bhí an locht, mar nár fhéad sé theacht ar chulaith a d'fheilfeadh. Mar sin fhéin, ag an am ar leith sin, bhí an cailín beag ramhar seo an-bhuartha ar fad. Níor thuig sí, an créatúirín, go raibh an saol agus a cuid samhlaíochta in adharca a chéile. Tuigim anois é. 

Sa lá atá inniu, feicim an brú atá ar chailíní agus ar bhuachaillí. Tá siad báite agus sáite sna meáin, áiteanna ar féidir an fhírinne a cheilt; go mion minic, i ngan fhios don té atá soineanta, nó neamheolach ar fhíricí an tsaoil. 

Bhí an t-ádh liomsa, ar go leor bealaí. Bhí daoine muinteartha liom, agus cairde agam, a choinnigh súil ar mo chuid samhlaíochta, agus a chothaigh mo chuid muiníne, ar feadh mo shaoil. Is faoina dtioncharsan atá mé fós ag maireachtáil. 

An méid sin ráite, ní hionann an dá ré, ansin agus anois. Ach, is ionann mianta an duine óig, mar go bhfuil a gcuid samhlaíochta fós aibí, agus éasca a mhúnlú. 

Tá súil agam go mbeidh muintir agus cairde daoine óga samhlaíocha na linne seo in ann iad a thabhairt slán ón múnlú dodhéanta neamhchríonna. 

2 comments:

Míshásta said...

Áááá! is cuimhin liom go rí-mhaith an spéirbhean úd Emma. Bhíos i ngrá léi ar feadh tamaill go dtí go bhfaca mé Marianne Faithfull ag canadh "As tears go by" ar an seana-dubh is bán. Agus baochas le Youtube tá sí dom' mhealladh arís agus mé ag scríobh anseo. Ní féidir na seascaidí a shárú.

Mise Áine said...

@. Ní féidir na seascaidí a shárú.

Go deimhin, a chara... ☺