Wednesday, September 17, 2014

Dún na nGall Abú!


Mar is léir, ón ngrianghraf thuas, beidh, ahem, madra an bhaile ag tacú le Dún na nGall, arís i mbliana, agus é ag súil go mór leis an toradh céanna a bhí againn i 2012... ach amháin gurb iad lucht Chiarraí atá le bualadh, an geábh seo

Casadh na fir uaisle seo thíos orm, agus mé ar mo shiúlóid anseo i mBun Cranncha, inné,










Ach, más rud go gceapann sibh, a léitheoirí, gur daoine fásta amháin a bheas ag tacú le Dún na nGall, féach ar an táirge álainn thíos, culaith bheag ghleoite a bheas á caitheamh ag babaí beag gleoite speisialta, Dé Domhnaigh seo chugainn. 



Tá an táirge sin thuas le fáil ach labhairt le Kelly chuidiúil chairdiúil sa Letterkenny Craft and Design Studio, mar a rinne mé féin nuair a d'ordaigh mé an chulaith, an tseachtain seo caite. 

Rinneadh an chulaith go háitiúil, anseo i nDún na nGall, agus tá neart táirgí eile áille áitiúla le feiceáil san áit, gan trácht ar an Moonshine Coffee Shop san fhoirgneamh céanna, áit a bhfaighidh tú greim le hithe, agus cupán caife den chéad scoth. 

Dún na nGall abú! 

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

an madadh bocht! Tá súil istigh agam nach mbíonn an díomá céanna oraibh is atá ar Alba bocht an mhaidin seo, Dé Domhnaigh. Go n-éirí leo!

Mise Áine said...

Ah bhuel..:-)