An t-am sin den bhliain arís, a chairde - amhrán na hÉireann le roghnú don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015 (sonraí san fhógra, thíos) - tá súil agam go n-éireoidh go geal le bhur n-iarrachtaí!
Tuilleadh uaim, ar ábhar na Féile, ó bhlagmhíreanna a scríobh mé san am a caitheadh, le léamh anseo.
'Amhrán na hÉireann le roghnú don Fhéile Idirnáisiúnta Pan
Cheilteach 2015
Tá an comórtas náisiúnta fógartha chun amhrán nua
as Gaeilge a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta
Pan Cheilteach 2015. Glór Cheatharlach atá
ag reachtáil an chomórtais náisiúnta don cheathrú bhliain as a chéile. Is gá na
focail agus an ceol a bheith nua-chumtha agus glacfar le hamhráin traidisiúnta,
pop amhráin, amhráin tíre, amhráin rac ceilteach agus eile. Ní foláir na hiarratais
a bheith ar dhlúthdhiosca agus a sheoladh
chuig Glór Cheatharlach roimh 5.00i.n. ar an Aoine, 23ú Eanáir 2015.
Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr
agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo os comhair lucht féachana ag
an gcomórtas náisiúnta a bheidh ar siúl ins an Óstán Seven Oaks, Ceatharlach ar
an Satharn, 7ú Márta, 2015. Beidh IMRO mar phríomh urra ar an ócáid i gcomhar le Gael
Linn. €1,000 agus trófaí an duais don bhuaiteoir chomh maith le dul ar aghaidh
ar son na tíre chuig an comórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn na
Féile Idirnaisiúnta Pan Cheilteach i nDoire, 7-12
Aibreán 2015.
Is é Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil agus
beidh painéal aitheanta i mbun moltóireachta. Measfar na hamhráin ar fheabhas na
bhfocal, an cheoil agus an chur i láthair. Rachaidh amhrán na hÉireann ar
aghaidh le bheith in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Alba, An
Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus An Bhriotáin chun an
trófaí agus duais €1,500 a bhuachaint ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach
2015.
Tá rialacha uile agus foirmeacha iarratais an
chomórtais náisiúnta ar fáil ar an suíomh greasáin panceltic.ie. Seol ríomhphost chuig pancelticcarlow@gmail.com nó is
féidir glaoch a chur ar oifig Ghlór Cheatharlach ar 059/9158105, 085/1340047 nó
087/2857048.
Is é an seoladh d’iarratais ar dhlúthdhioscaí
roimh 23ú Eanair ná:
An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2015,
Glór Cheatharlach,
Sráid an Choláiste,
Ceatharlach,
Co. Cheatharlach.'
No comments:
Post a Comment