Saturday, March 23, 2013

Áine Ársa

Fadó, fadó, fadó, nuair a bhí mise i m’ógbhean, ahem, ghnéasinsúlach chanliathach, níor chuir m’aois isteach ná amach orm, beag ná mór.

Go deimhin, ní bhuaireann m’aois mo chloigeann na laethanta seo ach an oiread, ach, mar sin féin, bhain sé geit asam, ar maidin, nuair a léigh mé gur gearr uaim an tseanaois - i gceann cúpla mí, mar a tharlaíonn sé, a léitheoirí - más fíor an méid a léigh mé anseo.

Sea, is gearr go mbeidh sé 55 bliain ó rugadh mé agus, más fíor an méid a cheapann daoine sa suirbhé sin thuas, tá cath na haoise caillte agam. Sea, táim ársa ainriochtach, ceann creathach, cnagtha leis an aois, ag titim as mo chéile; cnoc na haoise dreaptha agam, agus mé ar mo bhealach anuas, le luas.

Aiféala orm nár chuir mé sibh ar an eolas faoin méid sin ní ba luaithe, a léitheoirí, ach, bhuel, níor rith sé liom, an dtuigeann sibh, mar nach raibh a fhios agam gur amhlaidh atáim.

Ó tharla mé róthugtha don Gharraíodóir le bheith i mo Chougar, gabhaigí mo leithscéal, a chairde, ach caithfidh mé imeacht anois, agus zimmer frame a cheannacht dom féin. 

Beidh mé ar ais libh gan mhoill de réir a chéile…

3 comments:

Unknown said...

...táim ársa ainriochtach, ceann creathach, cnagtha leis an aois, ag titim as mo chéile; cnoc na haoise dreaptha agam, agus mé ar mo bhealach anuas, le luas...

TMAG!

Is é atá uaim ná é sin thuas ar t-léine! : )

April

Mise Áine said...

@ Is é atá uaim ná é sin thuas ar t-léine!

Go deimhin, a April - bainfimid gáire as an saol, pé scéal é..:-)

Anonymous said...

Dheara, níl ionaibh ach ógánaigh agus geall le fiche bliain agam oraibh. Sibh ag caint faoi aois agus níl agaibh ach an 55! Hah.