Seo chugainn arís
é, am sosa ‘gus scíthe,
tráth ómóis na
gcomharsan dá chéile,
cion agus cúram ag
corraí i gcroíthe,
le ceiliúradh cuimhne
‘gus féile.
Tá amhráin á gcasadh
faoi shíocháin, faoi ghrá,
roinneann pobal go
carthanach croíúil,
bíonn cineáltas daonna
ag méadú gach lá,
daoine a’ bronnadh ‘s’ag
deonú go gnaíúil.
Tá áthas na bpáistí le
brath ina spraoi,
a ngliondar ag borradh
le dúil,
aoibhneas a n-óige ag
soilsiú gach slí,
mar a dhéanann a
soineantacht dúinn.
Tagann muintir abhaile,
is cuairteoir chun tí,
déantar comhrá le
strainséir go gaolmhar,
bíonn dea-thoil á
fearadh sna fáiltí go maoth,
‘gus bíonn lámha á
gcroitheadh go bríomhar.
Seo chugaibh mo
bheannacht don domhan mór trí chéile,
is cuma cén creideamh,
cén claon,
go maire an fhlaithiúlacht
agus an fhéile,
mar a bhíonn siad
an t-am seo den bhliain.
6 comments:
Mólaim thú, a bhean uasail. Tá síochan agus cáirdeachas a dhíth orainn.
Tá mé ag léamh leabhar íontach: The Unlikely Pilgrimage of Harold Fry, atá scríobhtha ag Rachel Joyce - foilsíodh é i mbliana (Doubleday). Muna bhfuil sé léite agat cheana (sp) féin ..."A magical, moving and uplifting tale about a man's journey across Britain and into his own heart" adeir Deborah Moggach.
An bhail céanna ort!
Go raibh maith agaibh!
@ The Unlikely Pilgrimage of Harold Fry
Tá sé ar mo liosta anois, a chara..:-)
Go hálainn ar fad, a Áine. Ní rabhas ag mothú go róNollaigiúil go dtí seo, ach tá mé anois... ;)
@ John
Go raibh maith agat, a chara! Bain sult as an bhféile..:-)
Nollaig Shona Shíochánta, a Áine, a fhile.
Post a Comment