Cé nach bhfaighim deis cuairt a thabhairt orthu uilig,
bainim sult as na seastáin, i Halla na Seastán, ag an Oireachtas. Tugann siad deis dom eolas a fháil
ar scéimeanna nua, leabhair nua, táirgí nua agus mar sin de.
Seo chugaibh cuid acu, agus is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu ach brú ar na nascanna idirlín atá aibhsithe i ngorm agam, faoi na grianghraif éagsúla seo a leanas:
Tháinig mé ar na táirgí sin thuas ag seastáin siopacultúr.com,
dream ag a bhfuil an siopa Gaeilge Cult Úr, in Ionad Siopadóireachta Cathrach
Ard Mhacha, ar Shráid Thomáis in Ard Mhacha. Ar fhaitíos nach bhfuil sibh in
ann an bhileog eolais sin thuas a léamh, seo mar atá scríofa acu:
Cuideachta theoranta phobalbhunaithe agus carthanas atá i
CAIRDE Teo a bhíonn ag cur na Gaeilge chun cinn trí chártaí beannachta,
bronntanais, éadaí, srl a tháirgeadh agus a dhíol agus trí thograí agus
imeachtaí Gaeilge a eagrú i gcomhar le scoileanna, grúpaí pobail agus
eagraíochtaí cultúir.
Ní hamháin gur cheannaigh mé na táirgí Gaeilge sin thuas, (agus cén chaoi a bhféadfainn bibe ‘Is mise Áine’ a fhágáil i mo dhiaidh!), ach cheannaigh mé cártaí na Nollag, agus páipéar beartán na Nollag uathu chomh
maith.
Níl sé i bhfad ó shin ó ghlac mé síntiús leis an iris Comhar.
Chuir mé scairt fóin ar an oifig (bhí mé ar thóir an eagráin ar leith sin inar scríobh
Máire Ní Fhinneadha a halt iontach suimiúil, Conair na nDriseacha – alt ar fiú é
a léamh, i mo thuairimse, más rud go bhfuil suim agat i slánú na Gaeilge sna
Gaeltachtaí éagsúla) agus bhí an Feidhmeannach Riaracháin agus Gnó san oifig,
Elly Shaw, an-chuidiúil ar fad.
Dá bhrí sin, bhí áthas orm go raibh deis agam bualadh le
hElly chuidiúil fhaisnéiseach ag seastán Comhar. D’inis sí dom faoi Comhar Óg,
iris liteartha na n-óg, iris ina bhfoilseofar dhá eagrán le gearrscéalta, filíocht,
ailt srl., ó dhaltaí iar-bhunscoile; an mhí seo agus i Márta na bliana seo
chugainn.
Bronnfar duaiseanna agus íocfar táillí leo, mar sin scaip an
scéal, a léitheoirí! Tuilleadh eolais ó iriscomhar@gmail.com.
Bhí seastán ag an RCEF, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus
Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Fuair mé a mbileog eolais, Cad é do
Thuairimse?, bileog a insíonn dúinn go bhfuil an RCEF, atá faoi chúram an Aire Carál Ní Chuilín, ‘ag déanamh
comhairliúchán poiblí’ le tuairimí á lorg acu ‘maidir lena straitéis dréachta
le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a fheabhsú.’
Tá agaibh go dtí 27 Samhain 2012 teagmháil a dhéanamh le
Foireann na Straitéisí Teanga ann (pdf 408 kb) le ‘freagairt
a thabhairt ar an phróiseas comhairliúcháin’ nó scríobh ríomhphost chucu
ag consultation@dcalni.gov.uk.
Fuair mé a leabhrán eolais, Líofa 2015, leabhrán ina bhfuil
iarracht déanta ag an RCEF ar gach eolas a chur ar fáil ann maidir le ranganna
agus cúrsaí Gaeilge atá ar fáil i dTuaisceart Éireann, le go mbeidh
foghlaimeoirí na Gaeilge in ann bheith líofa faoin mbliain 2015, más mian leo.
Is féidir clárú le Líofa anseo.
Tá Oideas Gael ar an bhfód le fada, ‘cúrsaí Gaeilge agus
laetha saoire cultúrtha’ á gcur ar fáil acu le os cionn cúig bliana is fiche,
creid é nó ná creid. D’fhreastail mé féin ar chúrsa nó dhó ann thar na blianta,
go deimhin, agus bhain mé an-tairbhe astu. Is féidir clárú do na cúrsaí éagsúla
anseo.
Fuair mé an mála deas thuas ag seastán Bhord na Gaeilge/UCD,
áit a raibh eolas ar Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge (pdf 5.78MB) le fáil ó
Ailbhe álainn na gruaige rua.
Is scéim í Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge a bunaíodh ‘chun
neartú agus tógáil a dhéanamh ar úsáid na teanga ar champas…Bíonn deis ag mic
léinn de chuid réimsí éagsúla léinn maireachtáil agus obair le chéile as
Gaeilge…Tairiscíonn Bord na Gaeilge 24 scoláireacht do mhic léinn atá líofa sa
Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur ar a aghaidh le tograí nua.’
Más rud é go bhfuil aithne agaibh ar aon dalta
ardteistiméireachta, nó fiú má tá aithne agaibh ar aon mhac léinn atá ag
freastal ar Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath cheana féin, ar mhaith
leis/léi iarratas a dhéanamh ar cheann de na scoláireachtaí seo, is féidir an
fhoirm iarratais a fháil anseo.
Lena bhfeachtas Glac Leis, deirtear ar a suíomh idirlín go
bhfuil Conradh na Gaeilge ‘ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga
sa bhaile agus san Eoraip.’
Ar ndóigh tá Conradh na Gaeilge ag plé le cur chun cinn na
Gaeilge le fada an lá, mar is eol dúinn, agus ceapaim féin go bhfuil an
lámhleabhar thuas, a fuair mé óna seastán, an-tarraingteach ar fad. Deirtear
ann go bhfuil ‘eolas sa lámhleabhar seo ar cén áit gur féidir an Ghaeilge a
úsáid agus cén fáth gur chóir í a úsáid.’
Go deimhin, táim féin den bharúil nach ndéanfadh sé dochar
ar bith dá mbeadh cóip den lámhleabhar seo ag chuile Ghaeilgeoir, le go
dtuigfeadh siad an tábhacht a bhaineann le ‘úsáid’ na teanga; nach ‘labhairt’
amháin a thugann beatha di.
*****
Bhí neart seastán eile ag an Oireachtas - Breacadh, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Coiscéim, t-léine.ie, An Siopa Leabhar, Raidió na Life - agus tuilleadh nach iad, ach ní raibh deis agam am a chaitheamh leo uilig.
É sin ráite, tá tuilleadh le rá agam faoi abair.ie, scríobh.ie, nascanna.com; agus faoi roinnt rudaí eile a tharla ag Oireachtas na Samhna: na comórtais a chonaic mé, an Chúirt Filíochta, an clár teilifíse a chonaic mé, léacht nó dhó a chuala mé, seoladh nó dhó a tharla, duine nó dhó a casadh liom ann.
Ar ball beag, a léitheoirí. Sos beag ag teastáil anois - uainn uilig!
2 comments:
Is maith liom "Is rogha bheatha í an Ghaeilge"!
Is mála deas é, a Dennis, agus chuidigh sé liom ábhar na seastán a iompar thart liom ag an Oireachtas!
Nuair a chonaic mé na focail 'rogha bheatha' sin, rith na focail 'rogha saoil' liom féin, caithfidh mé a rá..:-)
Post a Comment