Tá slaghdán orm le trí lá anuas, an cineál tinnis sin a
fhágann bean gan fuinneamh, agus gan fonn uirthi mórán eile a dhéanamh ach suí
go socair ar an tolg – rud nach ionann agus fliú na bhfear, an dtuigeann sibh,
ach sin seanscéal, mar is eol, ahem, do mhná an domhain.
Pé scéal é, agus mé i mo shuí anseo ar tholg an tinnis ar
maidin, ag breathnú ar thorthaí an toghcháin thall – taobh amháin ag ceiliúradh, an taobh eile diomachroíoch – rith sé liom gur mar sin a bhíonn an
saol; bíonn sé ina yin lá amháin, agus ina yang lá eile.
Bhí deireadh seachtaine iontach agam ag an Oireachtas i
Leitir Ceanainn, agus tá neart le rá agam faoin ócáid, rud a dhéanfaidh mé, de
réir a chéile, a léitheoirí, nuair a bheidh mo yin-yang ag yin-yangáil mar ba
mhian liom.
2 comments:
Biseach luath ort!
Go raibh maith agat, a chara. Táim fós ar an tolg..:-)
Post a Comment