Chinn An Garraíodóir go ndéanfadh sé féin an jab. Bhí cara liom réidh le greim a fháil air, ar fhaitíos go dtitfeadh sé isteach san abhainn (an Garraíodóir, chan an teachín éan), agus d’éirigh leis an bhfear, ahem, aclaí seo an nead a fháil...faoi dheireadh. Seo thíos na grianghraif a thóg mé den nead:
Barr na neide...
Taobh na neide...
Bun na neide...
Jab álainn déanta aici, ach, cibé rud a tharla di, ní fhaca an nead seo aon ubh bheirthe, agus ní fhaca an teachín éan aon éan ó shin.
Meantán gorm s'againne.
4 comments:
An bhfaca an Garraíodóir an grianghraf seo?
Chonaic..:-)
Bhuel, nach deas compordach an nead é i gcomhair uibhe? Tá súil agam go n-éireoidh níos fearr le do theachín amach anseo.
@ Tá súil agam go n-éireoidh níos fearr le do theachín amach anseo.
Mise freisin, a John!
Post a Comment