Sunday, May 27, 2012

Neadió Teilifís Áine

Ó tharla an nead tréigthe ag an meantán gorm, moladh dúinn an tsean-nead a bhaint amach as an teachín éan, le deis a thabhairt d’éan eile theacht ann, am éigin amach anseo. Bhuel, caithfear a bheith dóchasach, an dtuigeann sibh.
Chinn An Garraíodóir go ndéanfadh sé féin an jab. Bhí cara liom réidh le greim a fháil air, ar fhaitíos go dtitfeadh sé isteach san abhainn (an Garraíodóir, chan an teachín éan), agus d’éirigh leis an bhfear, ahem, aclaí seo an nead a fháil...faoi dheireadh.  Seo thíos na grianghraif a thóg mé den nead:

Barr na neide...
Taobh na neide...
Bun na neide...
Jab álainn déanta aici, ach, cibé rud a tharla di, ní fhaca an nead seo aon ubh bheirthe, agus ní fhaca an teachín éan aon éan ó shin.  
Meantán gorm s'againne.

4 comments:

Dennis King said...

An bhfaca an Garraíodóir an grianghraf seo?

Mise Áine said...

Chonaic..:-)

John said...

Bhuel, nach deas compordach an nead é i gcomhair uibhe? Tá súil agam go n-éireoidh níos fearr le do theachín amach anseo.

Mise Áine said...

@ Tá súil agam go n-éireoidh níos fearr le do theachín amach anseo.

Mise freisin, a John!