Bhí an ghrian mar chompánach agam agus mé ag siúl timpeall
ar Eanach Mheáin agus ar Bhéal an Daingin maidin inné, ach ó tharla an bháisteach
dár mbeannú go flúirseach anseo i mBun Cranncha ar maidin, rith sé liom go mb’fhéidir
go dteastódh spreagadh dóchais sa bhreis ó dhuine ar lá mar seo.
Chun an aidhm sin a bhaint amach, fuair mé na seanfhocail dhóchasacha
seo a leanas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht; le muid a choinneáil ag imeacht, a
léitheoirí, go dtiocfaidh an ghrian ar ais, an dtuigeann sibh:
‘Tuar an mhaith is gheobhaidh tú í, tuar an t-olc is
gheobhaidh tú é.’
‘Beidh lá fós a mbeidh Seán ina léine.’ (Séan s’againne?)
‘Bíonn luibh nó leigheas in aghaidh gach galair.’
‘Is annamh a thig trá gan lánteacht mara ina dhiaidh.’
‘Is beag an tslat nach bhfásann craobh uirthi.’
‘Is é dóchas lia gach anró.’
‘Is maith an nuaíocht a bheith gan drochnuaíocht.’
‘Ní daortha go breith an bhreithimh.’
‘Níl anfa nach
n-íslíonn.’
‘Níor baineadh tada as an lá amáireach fós.’
Agus, an ceann is fearr liom féin:
‘Ar nós an tobair ghlé thrí chroí na leice, brúchtann an
dóchas thrí chroí an duine.’
5 comments:
Ana-dheas. Lá gruama gránna an taobh seo mara chomh maith. Déanfaidh mé iarracht smaoineamh ar na focail sin...
Ana dheas ar fad. An ceann deiridh ach go háirithe.
Tá muid beo i ndóchas.
go raibh maith agat as an ardú anama a thug tú domh ar maidin!
An lá gruama go leor anseo inniu, freisin, a John.
@ An ceann deiridh ach go háirithe
Aontaím, a Aonghuis!
Iontach, a Dennis..:-)
Fáilte romhat, a Réaltán!
Post a Comment