Arú inné, anseo in Inis Eoghain, bhí maidin caife ag bean ar m’aithne. Le bliain
anuas, tar éis di radaiteiripe a fháil i gcoinne ailse bhrollaigh i nGaillimh, tá níos mó ná oíche amháin caite aici in Inis Aoibhinn, áras lóistín atá lámh leis an ospidéal ansin.
Dar léi, tá sise, agus daoine eile atá i ngleic le hailse,
in ann an turas a dhéanamh, ón taobh seo tíre go Gaillimh, i mionbhus a
ceannaíodh as deontais a tugadh go flaithiúil i siopa carthanachta i Leitir
Ceanainn, áit a ndíoltar éadaí srl., chun an bus a choinneáil ar an
mbóthar.
Tá seisear tiománaithe acu don mhionbhus, daoine a dhéanann an tiomáint go
deonach, a dúirt sí liom. Tá bus níos mó ag teastáil anois, mar sin cuir scairt orthu, nó glaoigh isteach, más feidir leat cuidiú leo, a léitheoir. Tá siad lonnaithe ar Bhóthar an Chalafoirt i láthair na huaire.
Is ar mhaithe le hInis Aoibhinn a bhí mo chara ag bailiú
airgid Dé Domhnaigh. Is áit í Inis
Aoibhinn inar féidir le hothair fanacht, saor in aisce, bricfeasta agus dinnéar
a fháil ann, saor in aisce, dóibh féin agus dá gcompánach, más gá; gan an turas
fada abhaile a tharraingt orthu féin, go mbeidh siad láidir go leor, tar éis an
radaiteiripe a fháil. Mar a scríobh bean amháin ar shuíomh idirlín sin Inis Aoibhinn:
‘When I think back to Inis Aoibhinn, I remember it not as the place I was when I was sick; but the place where I began to get well.’
Nuair a shroich mé teach mo chara don mhaidin caife, bhí an
áit plódaithe le daoine – balúin bhándearga ar fud na háite, cácaí agus borróga
bándearga, a tugadh go deonach, ina gcéadta ann; fir agus mná ag comhrá agus
ag gáire go croíúil; mo chara agus a beirt iníonacha ag líonadh cupán le tae
agus le caife; an bosca síntiús ag an doras, le go mbeadh muid in ann deontas a
fhágáil, dá mba mhian linn. Ba mhian. Bailíodh €2000.
Ritheann sé liom, go minic, go bhfuil an tír seo bun os
cionn mar gheall ar dhaoine a chaith airgead na tíre gan cheart gan chúram,
ach go bhfuil an t-ádh linn in Éirinn, mar go bhfuil daoine sa tír seo le
croíthe móra fiala, daoine a thabharfaidh cúnamh agus airgead go flaithiúil;
pobal a thuigeann go bhfuil gá le carthanacht, flaithiúlacht agus féile, go
háirithe in am an ghátair.
Mo chuimhne, a léitheoirí, ná déanaigí dearmad ar an dáta seo, le bhur dtoil.
10 comments:
Scéal álainn dearfach, a Áine.
Ach cuireann sé iontas orm go mbíonn oraibh taisteal ó DnaG go Gaillimh ag lorg leighis mar sin sa lá atá inniu ann. Is turas fada mall tuirsiúil é sin d'éinne, gan caint ar a bheith i d'othar. Ard-mholadh go deo tuillte ag na tiománaithe deonacha.
Mar a dúirt John is íontas a chuireann sé orm go mbíonn turas chomh fada san a dhéanamh ag daoine tinn ó thuaisceart Thír Chonaill ar bhóthaire dona, ó dheas go Gaillimh.
Obair íontach déanta ag an bpobal seachas an maorlathas nach smaoiníonn ar an duine. Moladh do na tiománaithe agus do lucht Inis Aoibhinn!
Bailíodh €2000.
Maith sibh! Agus bíonn blas iontach ar an gcaife agus ar an tae nuair a thagann daoine mar sibh le chéile.
Dála an scéil, thug mé faoi deara nach féidir liom athfhriotal a chur i litreacha iodálacha ar an mblag seo. Chuir mé HTML ar an abairt “Bailíodh €2000” nuair a scríobh mé an comment, ach thug an córas neamhaird ar an em. Feicim go ndeirtear thíos gur féidir úsáid a bhaint as "some HTML tags". An ionann i agus em anseo anois?
@ cuireann sé iontas orm go mbíonn oraibh taisteal ó DnaG go Gaillimh ag lorg leighis
Dar leis an mblurba ar shuíomh an ospidéil is 'designated supra regional centre for cancer and cardiac services serving a catchment area in the region of one million people along the West from Donegal to Tipperary North. Caithfear dul chuig na designated areas is dócha.
@ Ard-mholadh go deo tuillte ag na tiománaithe deonacha.
@ agus do lucht Inis Aoibhinn
Nach bhfuil, go deimhin..:-)
@ blas iontach ar an gcaife agus ar an tae nuair a thagann daoine mar sibh le chéile
Iontach go deo, a chara!
@ litreacha iodálacha
Níl a fhios agam a dhath faoin teicneolaíocht a bhaineann le HTML tags ar an mblag seo, a Dennis, ach amháin go mbainim féin úsáid as na tags cuí nuair a bhíonn litreacha iodálacha uaim, mar a rinne mé thuas - bhain mé úsáid as i.
Is turas an-fhada ar fad é (> 260km) do dhaoine atá ailse orthu. Agus Doire in aice láimhe...
Tugann do scéal an-ardú croí do dhuine.
Nuair a chonaic mé teach mo chara, agus é plódaithe le daoine, a Ormondo, thuig mé cén fáth nach gcaillim dóchas, riamh, i bpobal na tíre seo - ardaíonn siad mo chroí féin, go minic..:-)
A Áine, cén fáth nach féidir libh úsáid a bhaint as Ospidéal Dhoire? Nach Eorpaigh ar fad muid? Bhuel, ar ndóigh, is Éireannaigh ar fad muid freisin (!), ach tuigeann tú mo cheist...
Níl a fhios agam, a John. Chomh fada agus is eol dom is i mBéal Feirste, BÁC agus Gaillimh atá na hionaid radaiteirípe, ach nílim cinnte.
B'fhéidir go mbíonn ar an othar fanacht taobh istigh de chóras an chontae ina mbíonn an obráid acu, dá bhrí sin, b'fhéidir go mbíonn ar an duine a théann faoi scian i nDún na Gall dul go Gaillimh le haghaidh radaiteirípe?
Ní raibh mé fiú ar an eolas faoi Inis Aoibhinn, ná faoin mionbhus, gur labhair mé le mo chara, mór mo náire. É sin ráite, ní raibh 'gá' dom an t-eolas sin a bheith agam, an dtuigeann tú. Gura fada uainn uilig an galar uafásach sin, agus go raibh biseach ar na taistealaithe uilig go luath.
Post a Comment