Cé gur i Mí na Samhna a bhí Féile Rua le bheith ann, anuraidh, mar gheall ar scéal tragóideach a bhí ag titim amach thiar, cuireadh an fhéile ar athló go dtí Feabhra na bliana seo.
Bhí amhrán cumtha agam do chomórtas Stéibh '25, a bhí ar siúl mar chuid den fhéile, agus cé nár éirigh le Briseadh Croí aon duais a thabhairt leis ar an oíche, sí Ailbhe Ní Mhurchú a thug léi an chéad duais lena hamhrán álainn Tick Tock, agus is í Éabha Breathnach a thug léi an dara duais le hamhrán álainn eile, Comparáid. Ocht n-amhrán ar fad a bhí ar an ngearrliosta, agus chuir sé ola ar chroí na mná seo gur chumadóirí ban a bhí i seisear de na cumadóirí. Tá mná óga ag cumadh agus ag casadh amhrán álainn i nGaeilge le blianta beaga anuas; is maith ann iad agus na féilte a thugann deis dóibh a gcumas a chur inár láthair. Go n-éirí go geal leo uilig!
Bhí clár den scoth curtha le chéile ag coiste agus tacaithe na féile. Níor éirigh liom freastal ar chuile ócáid acu, ach bhí mé i láthair a. don oscailt oifigiúil le hÉamon Ó Cuív, agus cur i láthair Rónán Mac An Iomaire maidir leis an leabhar téagartha nua uaidh, An Ghluaiseacht; Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta; b. nuair a nochtadh an leacht mar chomóradh ar Chath na Ceathrún Rua, c. do Chraobhchomórtas Stéibh '25, d. don Siúlóid Ealaíne le Danny de Bhailis, e. ag Fiach Focal 'Saortha Báid na Ceathrún Rua' (áit ar chuala mé scéal nach raibh cloiste agam riamh roimhe - gur thóg m'athair fhéin agus deartháir cleamhnais leis bád clinker sa seomra ceannann céanna ina raibh an cur i láthair ar siúl san Acadamh an lá sin), f. Turas na Lúibe, taispeántas cniotála, cróiseála agus bróidnéireachta, g. ag cur i láthair Chúig Amhrán sa Chistin le hEmma NicLeóid agus Domhnall Ó Braonáin, le Máirín Nic Fhionghuin ina bean an tí, h. ag Siompóisiam na Féile.
Bhí orm an siompóisiam a fhágáil luath agus cé nach bhfuair mé deis éisteacht le Sorcha Ní Chéilleachair (Príomhfheidhmeannach Tuismitheoirí na Gaeltachta), ná le hEimear Nic Dhonnchadha agus Neans Nic Dhonncha ag caint agus ag freagairt na ceisteanna a chuir Norita Ní Chartúir orthu, fuair mé deis éisteacht le hAdhna Ní Bhraonáin (Bánú) agus í ag labhairt faoin gcead pleanála agus easpa tithíochta i gConamara.
Scríobh mé fhéin faoi fhadhb an chead pleanála i 2009 (14 bliain ó shin), faoi dhiúltú cead pleanála a tharla 15 bliain roimhe sin. Is mar seo a chríochnaigh mé alt amháin ar an mblagmhír sin, maidir le himeacht a tharla beagnach 30 bliain ó shin, 'Cé go raibh a fear curtha anseo, cé gur de bhunadh na háite í, cé go raibh Gaeilge ar a toil aici, cé gur san áit seo ba mhian léi a páistí a thógáil, ní fhéadfadh sí. Tá an suíomh ann fós. Níl sise.' Ní hé go bhfuil na muilte ag meilt go mall, a léitheoirí, ach tá'n chuma ar an scéal go bhfuil cos curtha i dtaca áit éigin, agus cic sa tóin á thabhairt ag an gcos eile do mhuintir na Gaeltachta.
Mar fhocal scoir, mo bhuíochas ó chroí le Méabh Ní Lochnáin as m'amhrán nuachumtha fhéin a chasadh dom ag Stéibh '25. Is bean óg ocht mbliana déag d'aois í Méabh, bean ag a bhfuil bua an chumadóra agus an cheoltóra a rugadh léi. Beidh sí le cloisteáil ag casadh leagan athchóirithe den amhrán Briseadh Croí ar an dlúthdhiosca, Amhráin Áine, dlúthdhiosca ar a mbeidh na hamhránaithe Caitlín Ní Chualáin, Daríona Nic Dhonncha, Seosamh Mac Donnacha, Domhnall Ó Braonáin, agus Gráinne Ní Fhátharta le cloisteáil, freisin; dlúthdhíosca a bheidh á sheoladh roimh dheireadh na bliana, tá súil agam, thiar i gCeantar na nOileán, mar chuid d'Fhéile Ainm Cleite '25.
Cá mbeimis gan na féilte, lena gcoistí cumasacha agus lena n-urraitheoirí flaithiúla, a choinníonn ár n-oidhreacht beo beathach agus faoi bhláth!
No comments:
Post a Comment