Tuesday, April 8, 2025

Cló Iar-Chonnacht @ 40


Féach thíos, eolas faoi thrí ócáid a bheas mar cheiliúradh 40 bliain d'fhoilsitheoireacht na Gaeilge ag Cló Iar-Chonnacht sa Taibhdhearc ar an Domhnach seo chugainn, 13 Aibreán, mar chuid d'fhéile na Cúirte

Dinnseanchas – Tír Chonaill ag 2 i.n.


Iniúchadh ar an dinnseanchas, seanchas faoi áiteanna, i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Seo an ceathrú bliain den togra seo, comhfhiontar idir Cló Iar-Chonnacht agus Cúirt. Beidh beirt scríbhneoirí as Tír Chonaill, Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín, ag caint faoi thábhacht an dinnseanchais ina gcuid oibre agus ag léamh rogha óna saothar. Is é an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile a bheidh mar fhear an tí.


Ar Thóir Bhríd Ní Mháille ag 5 i.n.


Léamh drámatúil as úrscéal le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston. Fitear ceol, prós agus an chaointeoireacht san ócáid speisialta seo le Caitlín Ní Chualáin, Bridie Ní Churraoin agus Eoghan Ó Riada.

 

Ceiliúradh ceoil agus filíochta ag 8 i.n. 


Tráthnóna ceoil, amhránaíochta agus filíochta ag ceiliúradh Leabhar Mór na nAmhrán agus an cnuasach Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File. Is é an craoltóir agus amhránaí Máirtín Tom Sheainín a bheidh mar fhear an tí. Ceol agus amhráin le Lillis Ó Laoire, Caitlín Ní Chualáin, Marcus Mac Conghail, agus Eithne Ní Ghallchobhair. Beidh ceol beo ann le Nóirín Ní Ghrádaigh, fidléir as Ráth Tó i gCo. na Mí, agus Colm Ó Dubháin, boscadóir as an Aird Mhór i gConamara.


Sunday, April 6, 2025

Féile Rua '24/'25

Cé gur i Mí na Samhna a bhí Féile Rua le bheith ann, anuraidh, mar gheall ar scéal tragóideach a bhí ag titim amach thiar, cuireadh an fhéile ar athló go dtí Feabhra na bliana seo. 

Bhí amhrán cumtha agam do chomórtas Stéibh '25, a bhí ar siúl mar chuid den fhéile, agus cé nár éirigh le Briseadh Croí aon duais a thabhairt leis ar an oíche, sí Ailbhe Ní Mhurchú a thug léi an chéad duais lena hamhrán álainn Tick Tock, agus is í Éabha Breathnach a thug léi an dara duais le hamhrán álainn eile, Comparáid. Ocht n-amhrán ar fad a bhí ar an ngearrliosta, agus chuir sé ola ar chroí na mná seo gur chumadóirí ban a bhí i seisear de na cumadóirí. Tá mná óga ag cumadh agus ag casadh amhrán álainn i nGaeilge le blianta beaga anuas; is maith ann iad agus na féilte a thugann deis dóibh a gcumas a chur inár láthair. Go n-éirí go geal leo uilig!

Bhí clár den scoth curtha le chéile ag coiste agus tacaithe na féile. Níor éirigh liom freastal ar chuile ócáid acu, ach bhí mé i láthair a. don oscailt oifigiúil le hÉamon Ó Cuív, agus cur i láthair Rónán Mac An Iomaire maidir leis an leabhar téagartha nua uaidh, An Ghluaiseacht; Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta; b. nuair a nochtadh an leacht mar chomóradh ar Chath na Ceathrún Ruac. do Chraobhchomórtas Stéibh '25, d. don Siúlóid Ealaíne le Danny de Bhailis, e. ag Fiach Focal 'Saortha Báid na Ceathrún Rua' (áit ar chuala mé scéal nach raibh cloiste agam riamh roimhe - gur thóg m'athair fhéin agus deartháir cleamhnais leis bád clinker sa seomra ceannann céanna ina raibh an cur i láthair ar siúl san Acadamh an lá sin), f. Turas na Lúibe, taispeántas cniotála, cróiseála agus bróidnéireachta, g. ag cur i láthair Chúig Amhrán sa Chistin le hEmma NicLeóid agus Domhnall Ó Braonáin, le Máirín Nic Fhionghuin ina bean an tí, h. ag Siompóisiam na Féile. 

Bhí orm an siompóisiam a fhágáil luath agus cé nach bhfuair mé deis éisteacht le Sorcha Ní Chéilleachair (Príomhfheidhmeannach Tuismitheoirí na Gaeltachta), ná le hEimear Nic Dhonnchadha agus Neans Nic Dhonncha ag caint agus ag freagairt na ceisteanna a chuir Norita Ní Chartúir orthu, fuair mé deis éisteacht le hAdhna Ní Bhraonáin (Bánú) agus í ag labhairt faoin gcead pleanála agus easpa tithíochta i gConamara.

Scríobh mé fhéin faoi fhadhb an chead pleanála i 2009 (14 bliain ó shin), faoi dhiúltú cead pleanála a tharla 15 bliain roimhe sin. Is mar seo a chríochnaigh mé alt amháin ar an mblagmhír sin, maidir le himeacht a tharla beagnach 30 bliain ó shin, 'Cé go raibh a fear curtha anseo, cé gur de bhunadh na háite í, cé go raibh Gaeilge ar a toil aici, cé gur san áit seo ba mhian léi a páistí a thógáil, ní fhéadfadh sí. Tá an suíomh ann fós. Níl sise.' Ní hé go bhfuil na muilte ag meilt go mall, a léitheoirí, ach tá'n chuma ar an scéal go bhfuil cos curtha i dtaca áit éigin, agus cic sa tóin á thabhairt ag an gcos eile do mhuintir na Gaeltachta. 

Mar fhocal scoir, mo bhuíochas ó chroí le Méabh Ní Lochnáin as m'amhrán nuachumtha fhéin a chasadh dom ag Stéibh '25. Is bean óg ocht mbliana déag d'aois í Méabh, bean ag a bhfuil bua an chumadóra agus an cheoltóra a rugadh léi. Beidh sí le cloisteáil ag casadh leagan athchóirithe den amhrán Briseadh Croí ar an dlúthdhiosca, Amhráin Áine, dlúthdhiosca ar a mbeidh na hamhránaithe Caitlín Ní Chualáin, Daríona Nic Dhonncha, Seosamh Mac Donnacha, Domhnall Ó Braonáin, agus Gráinne Ní Fhátharta le cloisteáil, freisin; dlúthdhíosca a bheidh á sheoladh roimh dheireadh na bliana, tá súil agam, thiar i gCeantar na nOileán, mar chuid d'Fhéile Ainm Cleite '25. 

Cá mbeimis gan na féilte, lena gcoistí cumasacha agus lena n-urraitheoirí flaithiúla, a choinníonn ár n-oidhreacht beo beathach agus faoi bhláth!


Tuesday, April 1, 2025

Uachtarán Nó Amadán

Is dócha gur léigh sibh uilig go bhfuil an fear seo ag rá go bhfuil sé i gceist aige dul san iomaíocht nuair a bheidh pobal na tíre seo ag vótáil d’uachtarán nua i Mí na Samhna.

Tá an-fhéinmhuinín aige, cibé faoi aon cheo eile. Má tá fhéin, táim den bharúil go mbeidh fadhbanna aige an t-ainmniúchán atá uaidh a fháil. Ó mo chuid taighde, d’fhoghlaim mé go dteastaíonn the backing of 20 members of the Oireachtas or four local authorities le hainmniúcháin a fháil. Ach, má chreideann a bhformhór acu sin go mbeadh sé purely indicative of their character, their worldview, and their poor judgment’ dá dtabhfaidís tacaíocht dó, seans go seasfaidh siad siar, ar feadh tamaillín. Caithfidh na polaiteoirí a n-am a thógáil, an dtuigeann sibh. Caithfidh siad an talamh a bhrath roimh ré, súil ghéar a choinneáil ar an lucht vótála. Shamhlóinn.  

Táim den bharúil go bhfuil sé in am dúinne, a léitheoirí, duine éigin a aimsiú le dul san iomaíocht don ról ríthábhachtach seo; duine nach bhfuil baint ná páirt aici/aige le haon pháirtí, ná le haon ghrúpa gangaideach; duine séimh, staidéarach, siosmaideach, stuama; bean atá in ann Gaeilge a labhairt gan stró ar bith; bean a bheadh in ann an fód a sheasamh nuair a bheadh na fir ag déanamh holy show’ dá chéile timpeall uirthi.

Tá mo chuid machnaimh déanta agam. Chuaigh mé i dteagmháil le lucht an Oireachtais agus chuir Máirín mé i dteagmháil le comhairleoirí éagsúla a thabharfadh, dár léi, ‘an cúnamh cuí’ dom. Caithfidh mé a rá go raibh na comhairleoirí thar a bheith múinte agus proifisiúnta liom.  Ghlac siad leis an gclúdach litreach a tugadh dóibh, agus d’éist siad go cúramach le mo dhearcadh agus le mo chuid tuairimí.

Tá an cinneadh déanta, agus cuirfear m’ainm chun cinn d’Uachtaránacht na tíre, inniu. Le go mbeidh sibh ar an eolas, bíodh sé ceart nó mícheart, moladh dom an chéad litir de m’ainm (Á) agus an chéad litir de mo dhara ainm (A) a úsáid le mo shloinne, sa chaoi go mbeidh mé feiceálach ar an bpáipéar vótála, ar an lá. Cuirfidh an A.A. sin m’ainm ar bharr an liosta iarrthóirí, más fíor. Faraor, seans nach mbeidh ‘fada’ ar an gcéad A sin. Níl córas na tíre seo in ann an fada a láimhseáil, deirtear.

Ach, is cuma. Beidh mise ar an gcéad ainm ar an bpáipéar vótála (mura mbeidh aon A.A. eile ann, is dócha) agus ó tharla go bhfuil go leor amadán ann a dhíríonn a n-aird agus a n-aire ar an gcéad rud a léann siad, seans maith go gcaithfidh siad vóta dom.

Céard, a chara? Cén dara hainm atá orm? Creid é nó ná creid, Aibreán atá ann. Bainigí sult as an lá, a léitheoirí.

Friday, March 28, 2025

Machnamh

De réir mar atá na blianta ag dul thart, (agus tá siad ag imeacht an-sciobtha le blianta beaga anuas, feictear dom), déanaim iarracht gan a bheith cantalach, gan mo racht a ligean amach taobh amuigh de mo bhéal, gan a bheith róchorraithe. Ní hé go gceapaim gur binne béal ina thost, ach tá faoiseamh ar leith ag baint le suaimhneas na socrachta. 

Nuair a bhuail mé le haois an phinsin, chroith mé lámh léi, chuir mé fáilte roimpi agus lena híocaíocht sheachtainiúil. Thug mé faoi deara nach ciall a thagann ina teannta, go minic, ach cibé scéal é, táimse faighte níos séimhe ionam fhéin, ceapaim. Glacaim leis go bhfuil nithe ann nach féidir liom a athrú; gur fearr, in amanna, nithe móra beaga a ligean tharam, agus gur fearr gan deis a thapú gan mo thaighde a bheith déanta agam roimh ré. 

An méid sin ráite, thosaigh mé ag blagáil beagnach fiche bliain ó shin le go mbeadh glór na mná meánaoisí san áireamh i gcumarsáid na Gaeilge, ar líne. Cuireann sé áthas orm go bhfuil mná go leor ag cumarsáid trí mheán na Gaeilge ar líne ar na saolta seo, idir óg agus aosta. Áirím mé fhéin leis na haostaigh, anois, agus táim den bharúil, cibé an bhfuil ciall ann nó as, go bhfuil taithí na mblianta do mo stiúradh na laethanta seo, seachas ualach na mblianta, mar a déarfá. 

Mar sin fhéin, tá nithe a chuireann as dom, fós, ag an tráth seo de mo shaol. Tá comhionannas tábhachtach. Creidim gur ionann muid uilig, go dtagann muid ar an saol le pócaí folmha agus is mar sin a fhágfaidh muid an saol. Ní féidir do mhaoin a thabhairt leat.  Is cuma cé muid fhéin ná cé leis muid, is mar a chéile an toradh ag an tús (breith), agus ag an deireadh (bás).  

Idir an dá linn, an bhreith agus an bás, tá beatha; agus is beatha duine a thoil. Sa tír seo, is lucht dea-thola a bhformhór, ach tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil rudaí ag titim amach le roinnt blianta anuas, thall agus abhus, a chuireann machismo na haimsire caite i gcuimhne dom. Tá lucht leanúna ag na fir seo, réalta iad i súile daoine atá, shílfeá, dall ar chomhionannas agus ar chineáltas.

Nuair a chonaic mé an raic sa Dáil an lá cheana, an easpa measa ar chaon taobh, an easpa ábaltachta theacht ar réiteach gan raic, gan screadaíl, le stuaim agus le guaim, tharraing mé anáil dhomhain dhíomách dhubhach. 

Tá roth an tsaoil ag casadh...

Saturday, March 15, 2025

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2024

Bhí scaifte breá d'fhilí inár gcuideachta ag Cúirt Filíochta 2024. Tá cuid de na filí ag freastal ar an gCúirt le blianta fada ach, chuile bhliain, tagann file nua nó dhó chugainn; file, b'fhéidir, atá ag cumadh léi/leis sa mbaile i ngan fhios don saol, nó file, b'fhéidir, a d'aithris dán nó dhó roimhe seo ach nach bhfuil aon aithne fhorleathan curtha againn air/uirthi...fós. 

Cibé fáth a dtagann daoine chuig an gCúirt Filíochta, bíodh filí nó lucht éisteachta ann, is aoibhinn le Proinsias, Bríd agus mé fhéin sibh uilig a fheiceáil agus a chloisteáil, mar is sibhse a thugann beatha agus beocht don Chúirt Filíochta. Aon fhile nua a thagann chugainn, cuirtear fearadh na fáilte roimhe/roimpi, i gcónaí - is iadsan filí na todhchaí agus is iadsan a choinneoidh lóchrann na filíochta Gaeilge beo agus beathach. 

Ár mbuíochas leis na filí uilig, leis an lucht éisteachta, le hOireachtas na Samhna, agus le Foras na Gaeilge as bhur gcuid tacaíochta. Táimid ag súil go mór le sibh uilig a fheiceáil i mBéal Feirste ag tús Mí na Samhna, más é bhur dtoil é, agus tá súil leis na déithe agam nach gcuirfidh na diabhal de chiorruithe seo isteach ar bhorradh agus ar bhláth na filíochta mar a chloistear í ag an gCúirt Filíochta. Ní bláth go síol. 

Agus, más rud gur éirigh linne, freisin, aon lánúin a thabhairt le chéile thar na blianta, is amhlaidh is fearr é! Comhghairdeachas ó chroí le Ciara Ní É agus Reic - áthas orm go bhfuil siad ag ceiliúradh deich mbliana a mbunaithe, i mbliana. Gura fada buan iad. 

Cé nach raibh siad in ann bheith i láthair ag an gCúirt Filíochta, sheol Paddy Bushe, Alan Titley agus Brian Ó Conchubhair dánta chugainn le haithris. Táimid fíorbhuíoch díbh, a fheara! 

Seo a leanas na filí a d'aithris ag Cúirt Filíochta 2024 - Mícheál Ó Ruairc, Máire Ní Laoire, Dairena Ní Chinnéide, Eoghan Mac Cormaic, Proinsias Mac a'Bhaird, Christine Jones, Áine Durkin, Cathal Poirtéir, Mícheál Ó hUanacháin, Bríd Ní Mhóráin, Fíona de Buis (ag léamh dán ó pheann a céile, Paddy Bushe), Conchubhar Ó Liatháin, Pádraig Mac Fhearghusa, Máirín Mhic Lochlainn, Seònaid Mac Dhòmhnaill, Dubhán Ó Longáin, Matt Ó Maoinigh, Sibéal Ní Chonghaile, Alastair Mac Cuish, Mícheál Ó Conghaile, Éamann Ó hAisí, Ciara Ní É, Aimeé Ní Chonaing, Iain Ó Leocháin, Aingeal Ní Chonghaile, Áine Ní Ghlinn agus Pádraig Ó Laighin.  



























Ár míle buíochas leo uilig, agus leis an slua mór a bhí sa lucht éisteachta. Más mian leat tuilleadh a léamh faoi na cúirteanna a bhí ann go dtí seo, a léitheoir, is féidir theacht ar chuid de mo sheanbhlagmhíreanna anseo

Friday, March 14, 2025

Seal Le Chéile


Chaith mé maidin thaitneamhach, inné, san Ionad Seirbhísí Poiblí i Leitir Ceanainn. Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2025, bhí teacht le chéile agus gearrscannán eagraithe ag Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, Róise Ní Laifeartaigh. Seachas fear amháin, mná uilig a bhí ann, agus is againn a bhí an chraic agus an comhrá.

  Mé fhéin agus Róise Ní Laifeartaigh

Casadh Róise orm, den chéad uair, nuair a bhí an bheirt againn i mbun céime i Stair agus i Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, agus is ann a casadh Seán Mór Ó Daimhín orm, freisin. Tháinig Róise mar chomharba ar Sheán mar Oifigeach na Gaeilge leis an gcomhairle, anuraidh. Ach an oiread le Seán Mór, tá a croí istigh i dteanga agus i gcultúr na tíre, agus tá sí mar urlabhraí díograiseach againne, lucht na mbrící lochtacha, chomh maith.  

Mé fhéin agus Bairbre Uí Chathail

Casadh Bairbre Uí Chathail orm ag an Ionad, freisin. Is í Bairbre an Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, agus is maith ann í. Bíonn sí de shíor ag eagrú ócáidí i nGaeilge do mhuintir na háite - Tráth na gCeist, Clubleabhar, Pop-Up Gaeltacht, cúrsaí don té atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú - agus is féidir tuilleadh faoina cuid oibre a léamh anseo.

Bean eile a bhfuil an-mheas agam uirthi na Clíona Ní Ghallchóir (féach thuas). Castar orm í, go rialta, ag Oireachtas na Samhna - áit ar bith inar féidir le Clíona teanga agus cultúr na tíre seo a chur chun cinn, bíonn sí ann, mar sin bhí áthas an tsaoil orm, inné, nuair a chuala mé go bhfuil sí anois fostaithe go lánaimseartha, ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an gClochán Liath, mar Aistritheoir Gaeilge. Bheinn den bharúil nach bhfeicfear aon 'praistriúchán' ag teacht ón mbean óg chumasach chairdiúil seo agus í i mbun a cuid oibre leis an gcomhairle. Go n-éirí go geal léi ina post nua!

Maidir leis an ngearrscannán a chonaiceamar inné, An Trucailín Donn, ní raibh sé feicthe agam roimhe, agus ní raibh an scéal sin (cás cúirte) faoi Niall Mac Giolla Bhrighde ar eolas agam. Go deimhin, ní raibh a fhios agam go raibh Pádraig Mac Piarais mar aturnae aige! Ní raibh a fhios agam, ach an oiread, gurb é Niall a scríobh 'The Hills of Donegal' agus 'Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí' - fear fíorshuimiúil agus is féidir tuilleadh faoina shaol a léamh anseo

Táim fíorbhuíoch do Róise as an gcuireadh, agus do na hearnálacha Gaeilge uilig a chuidíonn liomsa, agus le foghlaimeoirí eile, an teanga a aimsiú agus a úsáid ar bhonn rialta. Ní thuigfidh mé, go brách, an gá leis na ciorruithe seo nuair is léir domsa, le blianta fada anuas, go bhfuil an teanga faoi bhláth agus í faoi chúram na ndaoine thuasluaite agus a leithéidí. Nach é Niall a bheadh bródúil as a gcumas, ach níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag an bhfear cróga sin faoi na ciorruithe atá beartaithe don teanga sa lá atá inniu ann.

                                  ********

https://vimeo.com/339348227/d3f70ad007

Thursday, March 13, 2025

Neadió Teilifís Áine


Nead na hOifige

Nead na Cistine

Mar a fheicfidh sibh ó mo sheanbhlagmhíreanna anseo agus ó mo chainéal YouTube anseo, tá dhá theachín éan againn anseo i gCeann Scríbe, le blianta fada anuas. Tá ceamaraí sna tithe beaga, ceann atá ceangailte le teilifís na hoifige, agus ceann atá ceangailte le teilifís na cistine. Ar an gcaoi sin, táimid in ann súil a choinneáil ar gheáitsíocht nó obair na n-éan. 

Ní chuireann éin fúthu i gceann amháin nó i gceann eile de na tithe chuile bhliain, agus cé gur thosaigh meantán mór ar nead a thógáil i nead na cistine anuraidh (féach thuas), níor chríochnaigh sí an jab, ar fáth éigin. 

Chomh luath agus a chloisim gáir chúplála an mheantáin mhóir (meantán mór nó meantán gorm a thógann nead iontu, go hiondúil) coinním súil ar na tithe beaga, trí na teilifíseanna. Sin thuas staid na neadacha, ar maidin. Díreach mar a tharla anuraidh, níl dé ná deatach ar aon obair thógála, fós. Go deimhin, ní fhaca muid aon éan sna tithe beaga fós i mbliana. 

É sin ráite, tá an aimsir sách fuar, fós. Thar na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam go dtosaíonn imscrúdú na n-éan ar na tithe am ar bith idir Mí Feabhra agus Mí Bealtaine, agus go bhféadfadh éan tús a chur le nead a thógáil am ar bith idir an dá linn. 

Beidh le feiceáil!