Is Mise
Áine, agus is heitrighnéasach mé!
Sea, sin
agaibh an fhírinne, anois, a léitheoirí. Diabhal locht agam air, an dtuigeann
sibh…is mar sin a tháinig mé isteach sa saol, agus is mar sin atáim. Sin mo
nádúr, agus ní féidir liom dlíthe mo nádúir a sheachaint.
Tharla sé
gur thit mé i ngrá le fear…bhuel, ahem, thit mé i ngrá go minic, thar na blianta…ach
is le fir amháin a thit mé i ngrá, agus, mar a tharlaíonn sé, bhí cearta ar
leith agam, cearta a lig dom duine de na fir sin a phósadh. Rud a rinne mé. Blianta fada ó shin. Am a
raibh cuid de na dlíthe ar an liosta seo fós i bhfeidhm, agus ag dul i gcoinne
chearta na mná seo.
Ní raibh
comhionannas ann, an dtuigeann sibh.
Chuir sé
fearg orm, ar bhealach, gur baineadh mo chearta díom, ach ní raibh de rogha agam,
an t-am sin, ach glacadh le dlíthe teoranta traidisiúnta na tíre seo. Bhí sé i bhfad
níos deacra ar na mná a chuaigh romham, na créatúir.
Tá daoine
sa tír seo agus, fós, níl na cearta céanna acusan agus atá agamsa anois. Tá a nádúr féin acu, an nádúr lenar tháinig siad isteach sa saol, nádúr nach féidir
a sheachaint.
Faraor, tá dlíthe fós ann nach dtugann na cearta céanna dóibhsean
agus atá agamsa, anois. Ní maith liom gur
amhlaidh atá an scéal. Seanscéal agus meirg le glanadh de, i mo thuairim.
No comments:
Post a Comment