De réir mar atáim ag dul anonn in aois, táim ag foghlaim. Táthar ann a déarfadh go bhfuilimid i gcónaí ag foghlaim agus, go deimhin, tá an méid sin fíor, ach táthar ann, chomh maith, nach dtuigeann anois, agus nach dtuigfidh go brách, go bhfuil ceachtanna le foghlaim ónár dtaithí saoil, agus gur fás agus forbairt atá le foghlaim ón taithí sin, is cuma cá bhfuil ár gcosa curtha i dtaca againn.
An ceacht is mó atá foghlamtha agam, thar na blianta, ná go gcaithfear a bheith cúramach le focail. Bíodh siad scríofa nó labhartha, is urchair nó ungadh atá iontu. Bíodh peann i do lámh agat, teanga i do bhéal agat, méara ar mhéarchlár nó ar scáileán romhat, is fearr a bheith cúramach, i gcónaí, seachas a bheith místuama, nuair atá tú armáilte le focail.
Ach, tá cúram orainn féin, freisin, maidir leis na briathra a chloisimid, nó a léimid. An fearr aird a thabhairt ar na focail atá cloiste/leite againn, nó an fearr gan bacadh leo, go háirithe más rud go bhfuil muid in amhras faoina dteachtaireacht? Go deimhin, fiú má aontaíonn duine leis an teachtaireacht, an fearr a bheith faichilleach, ar fhaitíos na bhfaitíos?
Cúpla leid atá faighte/foghlamtha agam féin, maidir le focail, le caitheamh na mblianta,
1. Ná ceap gur fútsa/duitse amháin atá an duine ag scríobh/ag labhairt.
2. Ná glac leis go bhfuil an tuiscint chuí agat ar an méid a chuala tú/a léigh tú.
3. Seas siar, dún do bhéal, agus fan go mbeidh tú cinnte faoi bhriathra, uait nó romhat.
Roinnt seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Ní bhriseann focla maithe fiacla. (Béasa)
Ní bheathaíonn na briathra na bráithre i gcónaí. (Caint)
Bíonn cluas bhodhar ag fear na foghlach. (Aire)
Bunchloch na bréige i gcolann na fírinne. (Bréaga)
Is féidir milleán a chur ar an bhfírinne, ach ní féidir náire. (Fírinne)
Mar nuafhocal scoir, uaimse,
Is fearr focla a chur ar an méar fhada, ná an mhéar fhada a thabhairt.
No comments:
Post a Comment