‘Ní thagann ciall roimh aois!’ a chonaic mé scríofa thall ar
Thalamh an Éin, ó tharla mo bhlagmhír thíos, Focail Féilire, ag tarraingt
giolcadh nó dhó ó dhuine nó dhó, thall ann.
B’fhéidir nach dtagann, arsa mé féin liom féin, ach, mar sin
féin, tá sé tugtha faoi deara agam, thar na blianta, go mbíonn gaois aoise ag
leanaí áirithe; ag aois nach mbeifí ag súil lena leithéid, mar a déarfá.
D’éirigh liomsa an físeán seo (le Luiz Antonio na Brasaíle ag labhairt) a fheiceáil nuair a bhí fotheidil Bhéarla leis - níl
teanga dhúchais Luiz agam, áfach. Tá súil agam go mbeidh sibh in ann an leaidín
álainn seo a thuiscint, a léitheoirí, mar is fiú a chiall a chloisteáil, i mo
thuairim féin.
Táim den bharúil go dtagann chuile leanbh lena chiall
nádúrtha féin, ciall atá, seans, i bhfad chun cinn ar chiall an duine fásta, ar
bhealach. De réir mar a thagann aois ar pháistí, tá formhór acu múnlaithe ag
creideamh, nó faoi thionchar creidimh, á ndream féin; rud a fhágann, b’fhéidir,
nach mbíonn deis ag an leanbh éisteacht lena thuiscint inmheánach nádúrtha
féin.
Tá súil agam nach gcaillfidh Luiz Antonio na Brasaíle a
ghaois nádúrtha go brách.
No comments:
Post a Comment